

Tá bagairt déanta ag Donald Trump go ndéanfadh sé cás dlí i gcoinne an BBC.
Cháin Trump na ceannairí atá ag imeacht ón BBC, agus é ag rá go rinne siad iarracht ‘cur isteach ar thoghchán uachtaránachta’ sna Stáit Aontaithe.
D’éirigh Tim Davie as a phost mar Ard-Stiúrthóir an BBC thar an deireadh seachtaine, i ndiaidh seachtain lán le cáineadh ar an gcraoltóir Briotanach. D’éirigh Deborah Turness as a ról mar Phríomhfheidhmeannach Nuachta freisin.

Bhí Tim Davie sa phost ó Mheán Fómhair 2020, agus bhí sé ag obair leis an BBC ó 2005.
Tharla sé seo tar éis líomhaintí gur chuir an BBC an iomarca eagarthóireacht ar óráid ó Uachtarán Mheiriceá a taispeánadh i gclár Panorama.
Tá an BBC faoina lán cáinte freisin mar gheall ar an gclúdach a thug siad ar ionsaí Iosrael ar Ghaza.
Ag labhairt tar éis dó éirí as, d’admhaigh Davie go ndearna sé ‘botúin’ ina thréimhse mar cheannaire, ach dúirt sé go raibh an BBC ‘ag déanamh a chuid oibre go maith’.
Dúirt sé: ‘Tá mé ag smaoineamh ar na dúshláin mhóra phearsanta agus ghairmiúla a bhaineann leis an ról seo le blianta fada, go háirithe sna hamanna corracha seo.
‘Ba mhaith liom go mbeadh am ag an té a thiocfaidh i mo áit chun pleananna an Chairt (rialacha an BBC) a mhúnlú.’
‘Sna hamanna seo atá lán le deighilt, tá luach ar leith ag an BBC. Labhraíonn sé leis an gcuid is fearr dínn. Cabhraíonn sé le bheith ina áit speisialta í an RA – cineálta, fulangach agus fiosrach.’

Dúirt sé freisin nach bhfuil an BBC ‘foirfe’, ach go gcaithfidh sé a bheith ‘oscailte, trédhearcach agus freagrach i gcónaí’.
Mar sin féin, ar Truth Social Dé Domhnaigh, d’ionsaigh Trump ar na ‘daoine MÓRA sa BBC’ atá ag imeacht.
Dúirt sé: ‘Tá na daoine MÓRA sa BBC, TIM DAVIE san áireamh, an BOSS, ag éirí as nó curtha as a gcuid post iad, mar gur gabhadh iad ag ‘dochtúireacht’ mo chuid óráide iontach (FOIRFE!) ó Eanáir 6.
‘Is daoine mí-ionraice iad seo a rinne iarracht cur isteach ar thoghchán uachtaránachta.
Níos mease fós, is as tír eile iad – tír a mheasann go leor mar ár gComhghuaillí Uimh. 1. Is rud uafásach é seo don daonlathas!’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.