D’fheall  DJ Carey mo mhuinín nuair a bhíomar geallta, a dúirt Sarah Newman

04/11/2025

Labhair iar-réalta Dragons’ Den Sarah Newman amach cheana faoin gcaoi a fuair sí amach go raibh DJ Carey ag déanamh calaoise

Thug Sarah Newman rabhadh – ‘bígí  ag faire do na bratacha dearga (red flag)’ – agus í ag labhairt faoin nóiméad a raibh a caidreamh le DJ Carey thart.

Bhí caidreamh naoi mbliana ag an iar-bhean ghnó de chuid Dragons’ Den agus bhí sí geallta leis an laoch iomána Chill Chainnigh atá i bpriosúin anois.

DJ Carey le Sarah Newman
DJ Carey le Sarah Newman

 Ach i 2012, thit a saol pearsanta as a chéile.

 Bhí uafás uirthi nuair a fuair sí amach go raibh Carey ag insint bréaga le cairde faoi ‘ailse inchinne doleigheasta (incurable)’ a bheith aige, chun airgead a fháil, rud a d’fhág gur chuir sí a rannpháirtíocht ar ceal agus DJ a thuairisciú do na gardaí.

 Phléadáil Carey ciontach, i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath, i gcúiseamh maidir le calaois a dhéanamh ar dhaoine trí ligean air go raibh ailse air agus gearradh cúig bliana go leith príosúnachta air Dé Luain 

Labhair Sarah den chéad uair faoin nóiméad a d’fhoghlaim sí faoi bhréaga Carey, rud a chur deireadh leis an gcaidreamh.

Tugtar Bantiarna Digby ar Sarah anois, tar éis di an milliúnaí Lord Henry Digby, Barún Uíbh Fhailí, a phósadh
Tugtar Bantiarna Digby ar Sarah anois, tar éis di an milliúnaí Lord Henry Digby, Barún Uíbh Fhailí, a phósadh

Ag labhairt leis an Irish Independent tamall ó shin, dúirt sí go raibh sí ‘go hiomlán aineolach faoina bhréaga’ ach go mbraitheann sí anois b’fhéidir gurbh í féin ceann dá íospartaigh ba mhó’.

Fuair sí amach go raibh Carey ag insint bréaga faoi ailse a bheith aige nuair a bhí achrann aici le fear gnó, a thug Range Rover úrnua do DJ, ag súil go n-íocfadh sé ar ais é i dtráthchodanna (instalments) –  ach dhiúltaigh an banc na seiceanna.

Stop an fear Sarah lá amháin agus í ag tiomáint isteach ina dteach sa K Club agus dúirt sé go raibh DJ ag rá leis go raibh cóireáil ailse á fháil aige sna Stáit Aontaithe. Sin an chéad uair a chuala Sarah trácht air sin.

Thug Sarah aghaidh ar DJ faoin méid a dúirt an fear gnó léi agus dúirt sé go raibh an fear ag insint bréaga.

Ba é sin an nóiméad a raibh a fhios aici go raibh a gcaidreamh thart, a dúirt sí.

Tar éis dóibh scoilt, d’fhoghlaim sí nach raibh sa scéal a d’inis sé don fhear gnó ach an chuid is lú den scéal, mar go raibh sé ag insint bréaga faoina shláinte chun airgead a fháil.

Bhí tionchar buan ag cailliúint a caidrimh ar bhealach chomh trámach sin ar Sarah.

Dúirt sí nach raibh ‘muinín aici as duine ar bith ar feadh thart ar 10 mbliana’ agus dúirt sí nach raibh sí in ann maithiúnas a thabhairt dó as a ndearna sé.

Ag labhairt di faoin méid a d’fhoghlaim sí ó bheith i gcaidreamh le Carey, dúirt sí: ‘ Bígí ag faire amach do na bratacha dearga. Ach tá sé níos éasca a rá ná a dhéanamh.’

Sarah Newman
Sarah Newman

Tugtar Bantiarna Digby ar Sarah anois, tar éis di an milliúnaí Lord Henry Digby, Barún Uíbh Fhailí, a phósadh, i searmanas i mí na Samhna anuraidh.

Dúirt sí: ‘Bhog mé ar aghaidh i bhfad ó shin. Tá an-áthas orm. Tá saol an-sona agam agus tá cairde an-dáiríre agam a bhfuil grá agam dóibh, agus tá súil agam go mbraitheann siad mar an gcéanna fúm.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram