Saol Sister Stan – ‘Fíor-Chríostaí a thiomnaigh a saol chun cabhrú leo siúd ar an imeall’

Tá ómós á thabhairt do Sister Stan –  a bhí mar ‘abhcóide paiseanta chun cabhrú leo siúd a bhí i ngátar’

Tugadh ómós don fheachtasóir ceartais shóisialta agus bunaitheoir Focus Ireland, an tSiúr Stan – a fuair bás ag aois 86.

Fuair an tSiúr Stanislaus Kennedy – Sister Stan –  bás in Ospís Naomh Proinsias i mBaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath, maidin Dé Luain.

Bhunaigh sí Focus Point i 1985 do dhaoine a bhí ag streachailt leis an easpa dídean, agus chreid sí go raibh gach duine i dteideal teach a bheith acu.

Sister Stan
Sister Stan

Thug an Taoiseach Micheál Martin ómós di mar ‘abhcóide paiseanta chun cabhrú leo siúd a bhí i ngátar’.

Dúirt sé: ‘Bhuail mé léi go minic thar na blianta agus bhí meas agam i gcónaí ar a habhcóideacht gan staonadh agus ar a cumas chun beartas a chur ar an eolas. Bhí fuinneamh iontach aici.

‘Ba fíor-Chríostaí í a thiomnaigh a saol chun cabhrú leo siúd ar an imeall.’

Dúirt an t-iar-uachtarán Mary McAleese, a cheap an tSiúr Stanislaus chuig Comhairle Stáit ó 1997 go 2004, gurbh í  ‘an duine is umhlaí’  a d’fhág ‘inneall iontach’ oidhreachta ina diaidh.

Siur Stanislaus Kennedy. Pictiur Photocall Ireland
Siúr Stanislaus Kennedy. Pictiúr: Photocall Ireland

Dúirt príomhfheidhmeannach Chomhairle Inimirceach na hÉireann, Teresa Buczkowska, gur ‘bean chróga agus láidir’ a bhí sí.

Dúirt sí freisin: ‘Thuig an tSiúr Stan cé chomh tábhachtach is atá sé do gach duine baile a bheith aige, agus na dúshláin atá roimh imircigh.

‘Mar bhean imirceach mé féin, táim thar a bheith bródúil as a hoidhreacht a leanúint trí obair Chomhairle na nInimirceach, ach beidh a treoir, a misneach agus a neart in easnamh orainn. Beidh sí in easnamh orm.’

Dúirt ord Siúracha na Carthanachta i ráiteas: ‘Tá brón mór orainn a fhógairt go bhfuil an tSiúr Stanislaus Kennedy, ar a dtugtar Sister Stan, imithe ar shlí na fírinne.’

Dúirt Siúr Patricia Lenihan, Ardmháistreás: ‘Ba ghuth cumhachtach í an tSiúr Stan ar son trócaire, cothroime, agus athrú córasach i rith a saoil.

‘Beidh a clann, a cairde, a comhghleacaithe agus an comhluadar uilig ag caoineadh go mór ina diaidh.

‘Cé go bhfuil brón domhain ann, tá muinín againn go leanfaidh a hoidhreacht – saol tiomnaithe do sheirbhís do dhaoine i ngátar – ag spreagadh sinn agus glúine feachtasóirí agus nuálaithe sóisialta in Éirinn.’

Chuaigh an tSiúr Stan isteach sna Siúracha Carthanachta i 1958 agus chaith sí a saol ag cabhrú le daoine eile.

Siúr Stan
Siúr Stanislaus Kennedy. Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland

Bhí sí ina gníomhaí ceannródaíoch ar son athraithe, ag obair gan staonadh ar son daoine gan dídean, inimircigh agus pobail faoi mhíbhuntáiste ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.

Bhí sí ina fórsa misniúil ar son athrú sóisialta i gcaitheamh a saoil. Thug sí dúshlán don status quo agus labhair sí go leanúnach lena tuairimí eolacha chun polasaí a mhúnlú agus ceartas a chur chun cinn.

Rugadh í mar Treasa Kennedy ar an 19 Meitheamh 1939 gar do Lios Póil, i gCiarraí, agus ba dhuine í de chúigear páiste i dteaghlach feirmeoireachta.

Ag aois 18, spreagtha ag obair Máire Aikenhead, shocraigh sí bheith ina Siúr agus rinne sí a gealltanas i mí Eanáir 1960.

Ó 1995 go 2007, bhí an tSiúr Stanislaus ar fhoireann cheannaireachta ginearálta na Siúracha Carthanachta, ról a chuir í i gcroílár misean agus rialachas domhanda an chomhluadair.

Mary McAleese
Mary McAleese

Chun athrú sóisialta buan a bhaint amach, bhunaigh sí roinnt eagraíochtaí chun seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil san áit ba ghá.

I 1985, bhunaigh sí Focus Point (atá anois mar Focus Ireland), tar éis taighde a dhéanamh ar riachtanais na mban gan dídean i mBaile Átha Cliath sna 1980idí.

Tá Focus Ireland anois ar an eagraíocht dheonach is mó sa tír ag cabhrú le daoine teach a aimsiú, a chruthú agus a choinneáil.

I 1998, bhunaigh sí ‘The Sanctuary’, ionad machnaimh spioradálta ar Shráid Stanhope i mBaile Átha Cliath.

I 2001, bhunaigh sí Comhairle Inimirceach na hÉireann (Immigrant Council of Ireland, ICI), eagraíocht náisiúnta a chuireann cearta inimircigh chun cinn trí eolas, abhcóideacht agus cúnamh dlíthiúil.

Bhunaigh sí freisin Young Social Innovators (YSI) i 2021, tionscnamh náisiúnta chun mic léinn a spreagadh le bheith níos mó feasachta go sóisialta agus páirteach in ábhair shóisialta chun athrú dearfach a chur i bhfeidhm.

Bhí sí ina fórsa tiomána ar son athrú sóisialta ar raon leathan saincheisteanna in Éirinn ar feadh breis is 60 bliain.

Díríodh a misean luath ar fhorbairt seirbhísí sóisialta i gCill Chainnigh, sular ceapadh í mar Chathaoirleach ar an gCoiste Náisiúnta ar Scéimeanna Tosaigh chun Dul i gCoinne Bhochtaineachta in Éirinn (National Committee on Pilot Schemes to Combat Poverty in Ireland).

Micheál Martin
Micheál Martin

I 1985, cheap an Coimisiún Eorpach í mar Chomhordaitheoir Trasnáisiúnta ar an gClár frithbhochtaineachta Tuaithe Eorpach.

Le linn a saoil, tugadh aitheantas do Shiúr Stan as a cuid oibre don  tsochaí in Éirinn, lena n-áirítear: Gradam Alumni UCD do na hEolaíochtaí Sóisialta (2014), Gradam Daonnúil na Bliana Meteor (2004), chomh maith le Dochtúireachtaí Oinigh ó Choláiste na Tríonóide, UCD, agus an Open University.

Bhí sí ina húdair rathúil ar go leor leabhar ina roinn sí a fís agus cuspóir saoil, lena n-áirítear a beathaisnéis, The Road Home.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram