

Aithneoidh lucht féachana TG4 Caitríona Nic an tSaoir mar láithreoir aimsire agus leanúnachas. Ach ní chríochnaíonn a buanna ansin. Oibríonn sí mar Eagarthóir agus Leiritheoir Margaíochta le TG4 ar bhunús lánaimseartha.
Tá Oireachtas na Samhna ag tosnú ar an Chéadaoin seo chugainn agus tá muintir Aontroma ag obair go dian chun Cathair Bhéal Feirste fáil réidh don ócáid iontach bhliantúil seo.
Is bean Aontroma dúchais í Chaitríona mar sin tá sí an-shásta go bhfuil seans ag a chontae fáilte a chur roimh tuairim is 10,000 cuairteoirí an tseachtain seo chugainn.

Dúirt sí: ‘Sílim go bhfuil sé ar fheabhas go bhfuil an tOireachtas ag dul go Béal Feirste i mbliana. Tá sé chomh tábhachtach go bhfuil deis do dhaoine ó áiteanna éagsúla sa tír freastail ar imeacht chomh mór sin atá ag tarlú i mBéal Feirste.
‘Tá an méid sin oibre déanta ag daoine thar na blianta i mBéal Feirste agus sna Sé Contae ag cur le pobal Gaeilge.’
Tá fás ag teacht ar líon na nGaescoileanna agus tá Caitríona sásta go mbeimid go léir in ann sult a bhaint as na rudaí iontacha atá ar fáil i mBeal Féirste, agus aithne níos fearr a chur ar an gcathair, agus na daoine atá ag obair chomh crua sin ar thograí éagsúla a bhaineann leis an Ghaeilge.
Mar sin féin ní raibh an saol mar seo aici cúpla bliain ó shin. D’oibrigh sí i go leor post. Ach ansin, tháinig Covid agus rith sé le Caitríona go raibh sí ag iarraidh rud éigin nua a dhéanamh.
‘Tá sé iontach suimiúil a bheith taobh thiar den scáileán agus os chomhair an cheamara. Thosaigh mé le TG4 trí bliana ó shin. Roimhe sin, bhí mé mar muinteoir bunscoile, agus chaith mé cúpla bliain ag teagasc in Doha ina dhiaidh céim a bhaint amach.
‘Shocraigh mé go raibh mé ag iarraidh triail a bhaint as rud éigin nua. Ach, ní raibh mé iomlán cinnte ar caidé. Chuir mé tús le máistireacht páirtaimsire i mbainistíocht agus gnó digiteach trí Gaeilge le DCU – gan a fhios dom cén áit a rachaidh mise.
‘Ach cúpla mí ina dhiaidh dom sin a thosach, chonaic mé post fógartha le TG4 sa roinn cumarsáide. Níor shíl mise go raibh mé cáilithe. Ach ansin nuair a phléigh mé é, thuig mé go raibh.’
Fuair sí an post agus bhí tús úrna aici.

‘Ní as cheantar Gaeltachta mé ach tá Gaeilge ag mo thuismitheoirí . D’fhás mé aníos ag amharc ar TG4, gan a bheith ag smaoineamh go mbeinn in ann dul ag obair i saol na meáin trí Ghaeilge,’ dúirt sí.
‘Bhí sé i gcónaí ar siúl againn sa teach. Ag smaoineamh anois mar láithreoir aimsire, bhí mé i gcónaí ag amharc ar an aimsir.
‘Ní raibh na deiseanna céanna ann (nuair a bhí sí níos óige) go cinnte, ná mar atá ann sa lá atá inniu ann. Tá rudaí ina dhiaidh athrú go mór. Sílim, ag smaoineamh chun tosaigh le bliain nó dhó eile, seans go mbeidh i bhfad níos mó deiseanna ann fiú.
‘Spreag na duine thart orm mé féin a chur amach ansin píosa beag eile. Bhí sé i gcónaí mar bhringlóid a bheith os chomhair an cheamara fosta. Mar sin, nuair a tháinig an deis bhí mé buíoch as.’
Baineann Caitríona sult as freastal ar hócáidí spreagúla le TG4.
‘Bíonn rudaí éagsúla, mar shampla fheachtais agus ócáidí, a eagrú ag TG4 gach bliain. Bíonn muid ag iarraidh a bheith mar sheaimpín ar son na Gaeilge. Tá ról tábhachtach againn i gcultúr na hÉireaan agus tá muid á cheiliúradh go bródúil anseo agus thar lear fosta.
‘Bíonn muid ag iarraidh a bheith ag na hócáidí seo chun ionadaíocht a dhéanamh ar lucht féachana éagsúla.’
Bhí sé sóiléir agus mé ag caint le Caitríona go bhfuil cultúr na hÉireann ina chroí. Agus tá sí bródúil as a bheith mar ambasadóir TG4. Bíonn deiseanna aici taisteal thar lear le TG4, mar shampla ag na BAFTAs i Londain i Mí Feabhra. Bhíodar ann chun tacaíocht a thabhairt de Kneecap. Rinneadar comisiniú ar an scannán a tháinig amach anuraidh.

Ní raibh Caitríona ag súil le bualadh le haon duine cáilúil. Níor cheap sí go mbeadh an seans aici. Ach bhí Caitríona faoi dhraíocht nuair a bhuail sí leis an t-amhránaí is fearr léi, Ariana Grande.
‘Ní chreidim go fóill gur tharla sé sin. Brionglóid atá ann i mo cheann go fóill. Tá mé chomh sásta go bhfuil an ghriangraif agam mar fhianaise’

‘Ag na BAFTAs, bhí TG4 ag iarraidh dul ann agus taispeáint de daoine anseo in Éirinn go raibh scannán Gaeilge ann, agus go raibh an oiread sin rath ar fosta.
‘Ní raibh sé sa phlean go mbeinn féin ag dul ann go dtí cúpla lá roimhe. Bhí giota craic ansin ag iarraidh éadaí a shocrú, agus mála a phacáil, éitiltí a shocrú agus achan rud a oibriú amach.
‘Chuaigh mise ann chun “behind the scenes” a thaifeadadh fosta – míreanna de na meáin shóisialta le Kneecap roimh ré.
‘Bhí an lá ar fad mar bhrionglóid. Nuair a shiúil muid isteach sa seomra, bhí achan duine ag suigh síos. Bhí mé ag siúil thart ag iarraidh píosa beaga a fháil (do na meáin shóisialta TG4), agus ansin d’aithin mé go raibh go leor daoine iontach mór ag suigh síos in aice leis an ardán.
‘Bhí mé ag amharc thíos ann ag rá liom féin “meastú an bhfuil duine ar bith ann le daoine a stopadh ag siúil síos ansin?” Bhí mé ag súil síos ag déanamh iarracht a bheith nadúrtha go leor. Ach ní raibh aon duine ag coinneáil spáis dóibh agus coinneáil mé amach.

‘Agus an chéad rud eile, chonaic mé Cynthia agus Ariana. Bhí cúpla daoine thart orthú agus ag caint leo. De ghnáth bím ag smaoineamh “fág iad agus lig dóibh sult a bhaint as”. Ach mar a tharla sé, bhí deis agam súil trasna orthú.
‘Dúirt mé le hAriana go raibh an ghrá agam di agus gur thaitin Wicked chomh mór sin liom. Bhí mé in ann a rá léi go raibh mé ann ó Éire, agus ann ag na BAFTAs ar son TG4.
‘Ach, níor thuig sí sin cibé. Mar sin, tharla sé chomh gasta. Níor chreid mé é nuair a rith mé ar shiúil go raibh sé ina dhiaidh tarlú’.
Ní hamháin sin, ach dúirt Ariana léi “is aoibhinn liom ár bhféinín” (as Béarla ar ndóigh).
Is léir dom go bhfuil gairm bheatha Caitríona ag dul ó neart go neart. Agus cé a fhios? B’fhéidir go mbeidh seans aici obair ar chlár Gaeilge le hAriana Grande sa thodchaí.
Níl na cúpla focal ag Ariana…fós! Ach táim cinnte go bhfuil TG4 ‘ag coinneáil spáis’ di.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.