

Tá deontas €2.1 milliúin le bronnadh ar chuibhreannas (consortium) atá faoi stiúradh ag Fortis Medical, cliantchomhlacht Údarás na Gaeltachta, in éineacht le Ollscoil na Míochaine agus na nEolaíochtaí Sláinte RCSI agus Smart Electronics.
Faoi stiúradh Fortis Medical Devices, mac-chuideachta Ollscoil na Gaillimhe atá lonnaithe sa Spidéal, beidh deis ag an gcuibhreannas dul chun cinn mór a dhéanamh i dtaobh caighdeán na beatha do dhaoine atá stróc buailte orthu.

Leis an deontas, déanfar forbairt ar theicneolaíocht athshlánaithe, cueStim-Stroke.
Is gléas é cueStim-Stroke ar féidir le hothair a chaitheamh atá ag fulaingt de bharr cosaíocht neamhghnách tar éis dóibh stróc a bheith buailte orthu.
Dúirt Thomas Gutierrez, Príomhfheidhmeannach Fortis Medical Devices: ‘Teastaíonn uainn caighdeán na beatha a fheabhsú go mór do dhaoine atá stróc buailte orthu.
‘Leis an gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha, is féidir linn borradh a chur faoi fhorbairt cueStim-Stroke agus réiteach a fháil d’othair agus cliniceoirí.’
Bronnadh an deontas tríd an gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha, nó an Disruptive Technologies Innovation Fund (DTIF), ón Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta.
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: ‘Táimid thar a bheith bródúil as an éacht atá déanta ag Fortis Medical Devices, cliantchomhlacht de chuid an Údaráis.
‘Is sampla iontach é seo den nuálaíocht agus fiontraíocht atá ag tarlú go laethúil sa Ghaeltacht.
‘Léiríonn an deontas DTIF go bhfuil sé d’acmhainn ag comhlachtaí Gaeltachta teicneolaíocht úrnua le tionchar domhanda a fhorbairt, fad as fostaíocht agus fás eacnamaíoch a chruthú ina gceantair.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.