

Tá ionsaí trom agus pearsanta seolta ag páirtithe an Rialtais ar Catherine Connolly don tseachtain dheireanach den fheachtas uachtaránachta.
Mar sin féin, tá líomhaintí an faoi fheachtasaíocht le stíl Trump ag teacht chun bheith mar chuid de pholaitíocht na hÉireann mar gheall ar bhrúidiúlacht cuid de na hionsaithe pearsanta uirthi.
In agallamh le The Journal, dúirt Jennifer Whitmore Teachta Dála de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta gur as ‘leabhar feachtasaíochta Trump’ a thagann na prionsabail Fhine Gael.

Dúirt sí: ‘Ba mhaith le muintir na hÉireann feachtas dearfach a fheiceáil – is feachtas gránna agus salach é seo nach bhfuil ag teacht ach ó thaobh amháin.
‘Tá Fine Gael faoi bhrú ollmhór faoi láthair mar go bhfuil feachtas an-dona á reáchtáil acu, ach níl muintir na hÉireann ag iarraidh é seo a fheiceáil ina bhfeachtas uachtaránachta – ba mhaith leo fís.
‘Níl cloiste againn ó Fhine Gael ach ag caint faoi Catherine agus ní faoi luachanna Heather ná faoina fís,’ a dúirt sí le The Journal.
Sheol Fine Gael físeán ag cur i gcuimhne do dhaoine na ‘deicheanna mílte post a cailleadh agus na mílte gnó a dúnadh’ i ndiaidh na géarchéime eacnamaíochta nuair a bhí páirtithe an Rialtais i gcumhacht.

Ag an am sin, bhí Fianna Fáil millte go dona mar an páirtí ba chúis leis an ngéarchéim agus cuireadh an milleán ar Fine Gael as airgead a úsáid, a bhí ag teastáil ó mhuintir na hÉireann, chun sealbhóirí bannaí (bondholders) eachtracha a íoc.
Mar sin féin, cúisíonn an físeán Connolly, nach raibh sa rialtas ag an am, as ‘fimíneacht (hypocrisy)’mar gheall ar a cuid oibre mar abhcóide do roinnt banc agus í ag cáineadh teipeanna an Rialtais maidir le tithíocht.
Ag an am céanna, mhaígh iarrthóir uachtaránachta de chuid Fine Gael, Heather Humphreys, a bhfuil tacaíocht á fáil aici ón Taoiseach Micheál Martin agus ó airí Fianna Fáil freisin, nár ‘iarraidh sí riamh airgead a dhéanamh as mí-ádh daoine’.
Thug sí le fios ansin go rinne Connolly é sin mar gheall ar a cuid oibre mar abhcóide, in ainneoin gur mhínigh Comhairle an Bharra in Éirinn (Bar Council of Ireland) arís agus arís eile an riail ‘cab-rank’, a deir nach ceart d’abhcóidí diúltú oibriú do chliaint nach n-aontaíonn siad leo go pearsanta.
Dúirt Comhairle an Bharra go bhfuil an riail seo ‘lárnach don mhuinín i gcóras dlí na hÉireann agus i riail an dlí’.
Idir an dá linn, bhain an Taoiseach úsáid as comóradh bliantúil Wolfe Tone chun a rá nach féidir le daoine a bheith ‘i bhfabhar an AE’ má gcuireann siad ceisteanna faoin AE maidir le ‘éilíteachas (elitism)’, cumhacht mhíleata agus má labhraíonn siad amach faoi chailliúint neodrachta na hÉireann.
Dúirt sé: ‘Níl tú i bhfabhar an AE má sheasann tú i gcoinne gach Conartha a thóg an tAontas isteach le ceathrú céid anuas.
‘Níl tú i bhfabhar an AE má mhaíonn tú go bhfuil sé faoi smacht ag uachtair shaibhir agus nach féidir leat focal dearfach a aimsiú le rá faoi.

‘Níl tú i bhfabhar an AE má deir tú i gcónaí go bhfuil sé ag scriosadh ár neodrachta agus go bhfuil sé i lámha coimpléasc míleata-tionsclaíoch.’
Níor luaigh sé Connolly ina óráid ach d’admhaigh sé níos déanaí go raibh sí ‘sa champa sin’.
Dhiúltaigh toghlach na hÉireann do Chonradh Liospóin agus Nice maidir le naisc níos dlúithe leis an AE mar gheall ar eagla faoin uasaicmeachas agus faoinár neodracht; agus vótáil siad ina dhiaidh sin ar a son nuair a gheall rialtais na linne ráthaíochtaí.
Bhí Connolly criticiúil ar an dá chonradh agus thug sí rabhadh faoi chaiteachas méadaithe ar fud na hEorpa ar an ‘gcoimpléasc míleata-tionsclaíoch’.
Dúirt Connolly roimhe seo: ‘Táim go hiomlán i bhfabhar na hEorpa.’
Dúirt sí: ‘Is Eorpach tiomanta mé agus cuireann Eorpach tiomanta ceisteanna.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.