


Tar éis rath ollmhór na chéad sraithe de The Traitors Ireland, tá na mílte duine ag cur isteach ar an dara sraith cheana féin – ag súil le bheith ina ‘Traitor’ nó ‘Faithful’.
Ach mar a fuair Anna Duke as Cill Mhantáin amach, ní leor cleasaíocht ná caint chliste chun seasamh amach.
Ba í Anna Duke an t-aon Éireannach ar The Traitors UK, agus mar ‘Faithful’, níor ghá di a bheith go maith ag bréagadh – rud a dúirt sí léi féin nach raibh sí.

‘Ní dóigh liom go bhfuil mé go maith ag bréagadh,’ a dúirt sí le Styled.
‘Dúirt mé é sin sna hagallaimh go léir – ní mise an bréagadóir is fearr ar domhan.’
Ina áit sin, shíl Anna Duke go mbeadh sí go maith ag teacht ar thuiscint ar dhaoine eile. Ach mar a admhaíonn sí féin, níor éirigh léi na Traitors a aithint – ‘Ní rabhas, mar is léir,’ a dúirt sí ag gáire.
Bhí a pearsantacht Éireannach, a bheith cainteach agus cairdiúil, ina buntáiste agus ina chonstaic araon.

Dúirt sí go mbíonn sí ag réiteach le daoine i gcónaí, agus gur shíl sí go mbeadh daoine muiníneach léi. Ach ina ionad sin, shíl cuid acu go raibh sí róchairdiúil – agus gur Traitor a bhí inti.
‘Bhí daoine ag rá: “Cén fáth go bhfuil sí ag caint liom an t-am ar fad?” Níor stopas ag caint le haon duine!’
Maidir le daoine atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa dara sraith Éireannach, tá comhairle ag Anna: bíodh muinín agat i d’agallamh. Deir sí go gcabhraíonn féinmhuinín go mór le dul isteach sa seó.
Ach tugann sí foláireamh freisin – ní mór craiceann crua a bheith agat. Cé gur bhain sí taitneamh as an taithí, admhaíonn sí gur chuir tuairimí diúltacha ar líne isteach uirthi.

‘Níor smaoinigh mé riamh ar conas a d’fhéadfaí mé a fheiceáil. Nuair a craoladh an clár, bhíos gafa leis na tuairimí éagsúla – cuid mhaith, cuid dona. Thógas cuid de na cinn dhona go croí.’
‘Níor bhaineas an taitneamh céanna as féachaint air agus a shíl mé. Ach ba mhaith liom dul siar agus cuimhneamh ar an spraoi a bhí agam. Bhí an chraic agam – agus sin an rud is tábhachtaí’.
Ó shin, tá Anna Duke tar éis bogadh ó Bhaile Coimín go Londain, áit a bhfuil sí ag obair sna meáin agus sa tionscal ealaíon.

Is léir go bhfuil sí fós ag leanúint ar aghaidh le cruthaitheacht, muinín agus stíl – tréithe a d’fhág rian ar lucht féachana The Traitors ar dhá thaobh na Muir Éireann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.