Iarnród Éireann ag déanamh ‘traein’ iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn

Le feachtas ‘Fáinne ar Bord’ ag Iarnród Éireann beidh paisinéirí in ann a gcuid Gaeilge a úsáid le baill foirne

D’úsáidfeadh 50% de phaisinéirí traenach Gaeilge dá mbeadh a fhios acu go labhraíonn ball foirne í, de réir suirbhé nua a rinne Iarnród Éireann agus Conradh na Gaeilge.

Braitheann beirt as gach triúr (os cionn 65%) an-dearfach faoin nGaeilge a chloisteáil á labhairt ar sheirbhísí Iarnróid Éireann
Braitheann beirt as gach triúr (os cionn 65%) an-dearfach faoin nGaeilge a chloisteáil á labhairt ar sheirbhísí iarnróid;   

Tháinig an t-eolas seo le seoladh feachtas ‘Fáinne ar Bord’ ag Iarnród Éireann agus anois tá siad ag déanamh tréan-iarracht Gaeilge a chur chun cinn.

Spreagann an feachtas Fáinne ar Bord, a forbraíodh i gcomhar le Conradh na Gaeilge, paisinéirí chun a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma cén leibhéal atá acu.

Mar chuid den chomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge, cuirfidh siad ranganna Gaeilge ar siúl do bhaill foirne Iarnród Éireann, ag cuidiú leis na baill foirne muinín a chothú agus snas a chur ar a gcuid Gaeilge le cuidiú leo a gcuid Gaeilge a úsáid le paisinéirí.   

Léiríonn suirbhé ar níos mó ná 7,100 duine go dtacaíonn an pobal go láidir le húsáid na Gaeilge ar thraenacha.

Agus le sin tá Iarnród Éireann ag obair i gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge agus leis an Oireachtas chun an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí, níos fáiltí agus níos inrochtana trí shiombail infheicthe agus oiliúint foirne. 

Dúirt Erin Burns, Oifigeach Gaeilge ag Iarnród Éireann: ‘Léiríonn torthaí an tsuirbhé go soiléir gur mian le paisinéirí a gcuid Gaeilge a úsáid. Níl de dhíth orthu ach an deis agus an mhuinín chun é sin a dhéanamh. 

‘Trínár gcomhpháirtíochtaí le Conradh na Gaeilge agus leis an Oireachtas tá muid ag déanamh na Gaeilge níos feiceálaí, níos fáiltí agus níos inrochtana ar fud ár seirbhísí.’   

Cuirfidh siad ranganna Gaeilge ar siúl do bhaill foirne Iarnród Éireann,
Cuirfidh siad ranganna Gaeilge ar siúl do bhaill foirne Iarnród Éireann

Buaicphointí an tSuirbhé:   

  • Braitheann beirt as gach triúr (os cionn 65%) an-dearfach faoin nGaeilge a chloisteáil á labhairt ar sheirbhísí iarnróid;   
  • Creideann os cionn 70% go bhfuil sé tábhachtach nó an-tábhachtach an Ghaeilge a labhairt ar sheirbhísí iarnróid;   
  • Deir duine as gach triúr (36%) go bhfuil easpa deiseanna mar an phríomhchúis nach labhraíonn siad Gaeilge níos minice ar thraenacha.   

Deir leath na bpaisinéirí traenach (53%) gur mó an seans go n-úsáidfidís an Ghaeilge dá mbeadh a fhios acu gur labhair ball foirne í, de réir an suirbhé. 

Thagair duine as gach seisear (1,260 duine) go sonrach go spreagfadh comharthaí nó suaitheantais infheicthe a léireodh cumas ball foirne Gaeilge a labhairt, iad chun an teanga a úsáid.   

Mar fhreagra air sin, tá an feachtas ‘Fáinne ar Bord’ seolta ag Iarnród Éireann, tionscnamh nua ina mbeidh baill foirne ar fud an ghréasáin iarnróid atá líofa nó a bhfuil cúpla focal acu ag caitheamh an Fháinne, siombail a léiríonn a dtoilteanas Gaeilge a labhairt.   

Ag léiriú téama láidir eile ón tsuirbhé, inar léirigh go leor freagróirí spéis i spás tiomnaithe ar thraenacha chun comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge, tá Iarnród Éireann ag obair le hOireachtas na Samhna 2025, príomhfhéile na hÉireann d’ealaíona Gaeilge, a bheidh ar siúl i mBéal Feirste ón 29 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain.   

Mar chuid den tacaíocht seo, cuirfidh Iarnród Éireann taisteal saor in aisce ar fáil do 30 taibheoir agus oibrí deonach agus reáchtálfaidh sé an chéad charráiste ‘Gaeilge Amháin’ riamh do lucht na féile. 

Beidh an carráiste speisialta seo mar mhol do chomhrá agus rannpháirtíocht chultúrtha na Gaeilge le linn dheireadh seachtaine na féile. 

Dúirt Erin Burns: Tá feachtas Fáinne ar Bord, mar aon le ranganna Gaeilge don fhoireann agus ár gcarráiste speisialta Gaeilge Amháin d’Oireachtas na Samhna, ag spreagadh paisinéirí chun a gcúpla focal a úsáid agus ár gcomhtheanga a cheiliúradh mar chuid dá dturas laethúil.’   

Ag labhairt dó ag seoladh thorthaí an tsuirbhé, dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge: ‘Léiríonn na torthaí seo fíor-dhíograis don Ghaeilge agus fonn soiléir ar spásanna praiticiúla len í a úsáid. 

‘Tá lúcháir orainn dul i gcomhpháirtíocht le hIarnród Éireann, agus tríd an suaitheantas Fáinne a thabhairt isteach don fhoireann agus deiseanna uas-scilithe teanga a chur ar fáil, táimid ag cruthú slite follasach do dhaoine chun an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha, bíodh sin i gcomhrá iomlán nó díreach cúpla focal.’   

Chuir Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an tOireachtas fáilte roimh thacaíocht Iarnród Éireann, ag tabhairt dá haire: ‘Tá an comhoibriú idir Iarnród Éireann agus An tOireachtas fréamhaithe ag dul siar go dtí an chéad fhéile de chuid Oireachtas na Samhna a reáchtáladh in 1897, nuair a thairg an eagraíocht ticéid fillte do lucht na féile ar phraghas táille aontreo. 

‘Tá muid ag déanamh na Gaeilge níos fáiltí ar fud ár seirbhísí’
‘Tá muid ag déanamh na Gaeilge níos fáiltí ar fud ár seirbhísí’

‘Is iontach an rud é an tacaíocht seo dár bhféile a fheiceáil ag teacht chun cinn inniu. 

‘Trí thaisteal saor in aisce a chur ar fáil do thaibheoirí agus d’oibrithe deonacha, agus an chéad carráiste Gaeilge Amháin riamh a thabhairt isteach, tá Iarnród Éireann ag cuidiú le spás tiomnaithe a chruthú do lucht féile chun ceiliúradh agus comhrá a dhéanamh i nGaeilge, rud a chuirfidh leis an t-atmaisféar bhríomhar phobail a shainíonn Oireachtas na Samhna.’ 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram