

Má tá tú ag súil le scíth a ligean ag an ionad saoire is fearr san Eoraip le gradam mór, níl gá le heitilt go dtí oileán Gréagach ná dul ar thuras só – is féidir leat dul i do charr agus tiomáint go Ciarraí!
Tá óstán i gCiarraí tar éis an duais is mó a bhaint amach i nGradam Rogha na Léitheoirí Condé Nast Traveler (SAM) 2025, a fógraíodh Dé Máirt seo caite.
Sheen Falls Lodge i Neidín, Co. Chiarraí, a tháinig amach ar bharr, in ainneoin iomaíocht ghéar ó áiteanna eile ar mhór-roinn na hEorpa.

Bhí níos mó ná leathmhilliún duine páirteach sa suirbhé bliantúil, agus fuair Sheen Falls Lodge scór dochreidte de 97.75 as 100.
‘Is mór an onóir dúinn a rá gur roghnaíodh Sheen Falls Lodge mar an t-ionad saoire is fearr san Eoraip i nGradam Rogha na Léitheoirí Condé Nast Traveler 2025,’ a dúirt an t-óstán i ráiteas ar na meáin shóisialta.
Dúirt Brian Loughnane, Bainisteoir Ginearálta an óstáin: ‘Is léiriú é an gradam seo ar dhíograis, dúthracht agus paisean na foirne ar fad, a chuireann seirbhís den scoth ar fáil i gcónaí.
‘Tá sé mar aidhm againn eispéiris a chruthú a léiríonn an fáilteachas Éireannach is fearr, agus is mór an onóir dúinn go bhfuil sé sin aitheanta ar ardán domhanda.
‘Do na haíonna agus cairde atá dílis dúinn – is libhse an t-éacht seo chomh maith. Buíochas ó chroí as bheith mar chuid dár scéal.’
Idir an dá linn, d’fhoilsigh leagan na Ríochta Aontaithe den iris na hóstáin is fearr in Éirinn, agus The Westbury i mBaile Átha Cliath a tháinig sa chéad áit.
Tháinig Cashel Palace Hotel i dTiobraid Árann sa dara háit, agus Ard na Sidhe Country House i gCiarraí sa tríú háit.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.