

Ó Mhuir Go Tír, TG4 Dé Céadaoin, 15 Deireadh Fómhair 9.30pm: Is sraith cheithre chlár é ‘Ó Mhuir Go Tír’ óna bhfaightear léargas faoi leith ar na modhanna taistil ar farraige idir na hoileáin amach ón gcósta agus tír mhór in Éirinn ó na 1950idí go dtí an lá atá inniu ann.

Idir carranna ar bháid leathdheiceáilte (half-decked), máithreacha agus páistí nuabheirthe ag teacht abhaile i gcurach, soláthar bia á thabhairt, agus daoine óga a b’éigean dóibh dul faoi oideachas ar tír mór – ní raibh an saol riamh furasta ag oileánaigh.
Ar an tsraith seo, arna cur i láthair i nGaeilge, tugtar léargas domhain ar na bealaí trasna idir oileáin agus mórthír na hÉireann ó na 1950idí i leith.
Cloistear scéalta faoi gheábhanna contúirteacha, faoi luchtanna iontacha á dtabhairt anonn agus faoi mhodhanna aisteacha a seiftíodh lena n-iompar.

Feictear an t-athrú a tháinig ar na turais le cora nua teicneolaíochta agus an t-athrú dá réir ar shaol na n-oileánach le báid farantóireachta nua-aimseartha.
Na carachtair shuimiúla a bhíodh ina bpaisinéirí a inseoidh scéalta ar ‘Ó Mhuir Go Tír’ faoi shoithigh éagsúla ar an bhfarraige chontúirteach agus na daoine calma a mbíodh de chúram orthu iad a thabhairt ó A go B, más le haghaidh oibre nó scolaíochta é, ar mhaithe le cóir leighis nó chuig an siopa uair sa tseachtain.
Is sraith ‘Ó Mhuir Go Tír’ ina bhfaightear tuiscint dhomhain ar thurais dhrámatúla farraige agus an chontúirt a bhain leis an saol ar na hoileáin le blianta fada anuas.

Le scéalaíocht bhríomhar agus radharcanna scéimhiúla, déantar ceiliúradh ar an teacht aniar, an misneach agus an meanma a bhaineann le muintir na n-oileán amach ó chósta na hÉireann.
Tá Ó Mhuir Go Tír suite ar Chléire agus Inis Arcáin i gContae Chorcaí, Árainn Mhór agus Inis Mhic an Doirn i dTír Chonaill agus Inis Bó Finne, Inis Oírr agus Inis Mór i gContae na Gaillimhe agus feictear roinnt de na himeachtaí is mó a tharlaíonn ar na hoileáin.
Comórtas Peile na nOileán agus Féile Róise Rua agus an fuadar a thagann leis na Coláistí Gaeilge gach samhradh.
Aithnítear daoine thall is abhus, Fionnuala Ní Fhlaithearta ina measc, an t-aisteoir as Inis Mór agus Breandán Ó Beaglaoich, ceoltóir agus amhránaí.

Ar TG4 a bheidh ‘Ó Mhuir Go Tír’ le feiceáil ar dtús agus beidh deis iontach ag an lucht féachana stair agus cultúr na n-oileán a fheiceáil chomh maith le gnáthshaol an lae ag na daoine.
HG Productions a léirigh an tsraith ina ndírítear aird ar an teacht aniar atá i muintir na n-oileán agus ar an gceangal dlúth ar feadh na gcianta idir an talamh, an fharraige agus na daoine.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.