Guinness gan an blas ceart: ní hamháin gur bealach cainte í an chanúint — is cuid den bhféiniúlacht í

Nuair a theipeann ar aisteoirí an chanúint cheart a fháil cailleann an scéal inchreidteacht agus níl mórán de sin i House of Guinness

Tá cáineadh láidir déanta ar na blasanna Éireannacha sa tsraith Netflix House of Guinness.

Le sin scríobh an scríbhneoir agus eagarthóir Róisín Lanigan alt sa Guardian i Sasana faoi fhadhb na n-aisteoirí Briotanacha agus Meiriceánacha nach mbíonn in ann canúint na hÉireann a dhéanamh i gceart.

James Norton as Sasana mar Sheán Rafferty i House of Guinness
James Norton as Sasana mar Sheán Rafferty i House of Guinness

Dar léi, de réir léirmheastóirí agus lucht féachana araon, ní hamháin go bhfuil drochchanúint Éireannacha míthaitneamhach — braitear iad mar easpa meas ar chultúr a chuireann luach ar a theanga agus ar a chaint.

Agus sin mar a bhí le House of Guinness

Tháinig an cheist chun cinn arís le scaoileadh House of Guinness, dráma mór le rá ina bhfuil aisteoirí Briotanacha ag léiriú carachtair Éireannacha.

Dúirt go leor lucht féachana go raibh na canúintí mírialta nó mícheart ar fad ag teacht ó muintir Guinness.

Deir teangeolaithe go bhfuil réimse leathan canúintí réigiúnacha in Éirinn — ó chanúint Chorcaí go fuaimeanna géara Bhéal Feirste.

Nuair a úsáideann aisteoirí canúint shaorga amháin, an ‘Gaeilge stáitse’, scriostar an éagsúlacht sin agus is minic a bhíonn sé bréagach ar fad.

Do mhuintir na hÉireann, ní hamháin gur bealach cainte í an chanúint — is cuid den bhféiniúlacht í.

Léiríonn rithim, ceol agus frásaíocht Bhéarla na hÉireann tionchar na Gaeilge thar na céadta bliain, a scríobh sí.

Sin é an fáth go mbíonn míléiriú ar an scáileán pearsanta do dhaoine.

Rinne roinnt úsáideoirí ar na meáin shóisialta comparáid idir drochchanúintí agus steiréitíopaí nó magadh ar chultúr áitiúil.

Deir aisteoirí agus cóitseálaithe gutha go dtagann an fhadhb go minic ó easpa ullmhúcháin agus gan ionchur ó chainteoirí dúchais ar an láthair.

I gcodarsnacht leis sin, bíonn moladh ag dul do léiriúcháin a fhostaíonn cóitseálaithe canúna as Éirinn nó a roghnaíonn aisteoirí Éireannacha.

Léiríonn rath cláracha mar Normal People agus Derry Girls go bhfuil meas ag lucht féachana ar fhírinneacht.

Luaitear san alt freisin gur botún a rinne fiú réaltaí móra roimhe seo — mar shampla Tom Cruise i Far and Away agus Julia Roberts i Michael Collins.

Cé go bhféadfaí maithiúnas a thabhairt do bhotúin bheaga, is é an frustrachas is mó ná nuair a dhéanann léiriúcháin mhóra neamhaird ar thábhacht na canúint cearta.

Deir saineolaithe nach bhfuil an réiteach casta: níos mó aisteoirí Éireannacha, cóitseáil níos fearr, agus meas ar shaibhreas teangeolaíoch na tíre.

Screenshot 2025 10 10 125043

Agus Éire ag cur an oiread tallainne scáileáin ar fáil, níl leithscéal ar bith ann do chanúintí bréagacha mar atá le House of Guinness

Sa deireadh, deir an t-alt, tá canúintí na hÉireann tuillte ag an aire chéanna is a thugtar do shonraí cultúrtha eile.

Má dhéantar mícheart iad, scriostar creidiúnacht an scéil; má dhéantar i gceart iad, cabhraíonn siad le scéalta fírinneacha, measúla agus dílis a insint.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram