Duais Condé Nast don óstán is fearr le Taylor Swift i mBaile Átha Cliath

Vótáladh The Westbury Hotel i mBaile Átha Cliath mar an óstán is fearr sa tír

Bronnadh teideal an óstáin is fearr in Éirinn ar óstán i mBaile Átha Cliath ag Condé Nast Traveller, agus ní haon iontas é sin mar is ceann de na hóstáin is galánta sa chathair.

Vótáladh The Westbury Hotel mar an ceann is fearr sa tír ag Gradam Rogha na Léitheoirí Condé Nast Traveller.

Tá an Westbury mar chuid den Doyle Collection, grúpa óstáin atá faoi úinéireacht teaghlaigh.

Óstán cúig réalta atá ann, suite i gcroílár Bhaile Átha Cliath, gan ach , agus cuireann sé lóistín galánta ar fáil do chuairteoirí.

Tá Óstán Westbury cúpla céim ó Fhaiche Stiabhna. Pictiúr: Collins
Tá Óstán Westbury cúpla céim ó Fhaiche Stiabhna. Pictiúr: Collins

Le blianta fada anuas, is ann a d’fhan réaltaí rac-cheoil agus daoine cáiliúla Hollywood agus iad ar cuairt ar an bpríomhchathair.

I measc na ndaoine a d’fhan ann tá Taylor Swift, David Bowie, Audrey Hepburn agus Bob Dylan.

Dúirt Bainisteoir Ginearálta an Westbury, Vincent O’Gorman: ‘Táimid thar a bheith bródúil go bhfuil an gradam mar óstán uimhir a haon in Éirinn faighte againn arís ag Gradam Rogha na Léitheoirí Condé Nast Traveller 2025.’

Lean sé ar aghaidh: ‘Ón nóiméad a shiúlann ár n-aíonna isteach, déanann gach ball dár bhfoireann a seacht ndícheall eispéiris chuimhneacha a chruthú dóibh, agus is aitheantas álainn é an gradam seo ar an tiomantas sin.’

Bob Dylan
Bob Dylan

Fuair óstán eile sa Doyle Collection aitheantas freisin – The Kensington Hotel i Londain, a tháinig sa 12ú háit ar an liosta.

Taispeánann Gradam Rogha na Léitheoirí cad iad na rudaí a bhfuil meas ag lucht léite Condé Nast Traveller orthu agus a thaitníonn leo agus iad ag taisteal.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram