

Is pointe tosaigh dearfach é an infheistíocht a cuireadh ar fáil sa Bhuiséad, de réir Conradh na Gaeilge. Mar sin féin, bhí easpa tuiscint ag baint leis freisin, go háirithe i dtaobh tithíocht sa Ghaeltacht.
Is ceist ríthábhachtach í seo; gan áit chónaithe sa Ghaeltacht bíonn ar dhaoine le post sa cheantar – agus bíonn ar theaghlaigh óga le páistí – bogadh amach. Agus iad siúd ar mian leo bogadh ar ais, ní féidir leo.
Is crá croí ceart é sin do dhaoine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht, agus chuige sin, seo an méid atá le rá ag Láithreoir Aimsire TG4, Caitríona Ní Chualáin.

Labhair Caitríona faoina hiarrachtaí teach a fháil ina ceantar dúchais i gConamara.
Tá sí ag déanamh iarracht eile, don tríú huair, agus labhraíonn sí go paiseanta faoin bhfrustrachas a bhaineann le hiarracht teacht abhaile.
Is cainteoir Gaeilge dúchais í Caitríona, atá fostaithe ar bhunús lánaimseartha le TG4.
Dúirt sí: ‘Bhí sé mar sprioc agam i gcónaí teacht abhaile. Ní raibh mé cinnte cén uair go ndéanfainn é. Ach faoi dheireadh, bhí a fhios agam go raibh sé in am é a dhéanamh.
‘Bhí sé bliana caite agam i Maigh Nuad. Agus d’fhéadfainn fanacht ar feadh cúpla bliain eile, ach bheadh an cinneadh amach romham i gcónaí.
‘Tháinig mé abhaile sa bhliain 2022. Bhí mé ag obair i nGaelscoil i nGaillimh, agus le TG4 ag deireadh na seachtaine.
‘Ansin, tháinig post lánaimseartha suas i TG4. Dúirt mé go gcuirfinn isteach air. Táim ag obair go lánaimseartha ó shin, agus taitníonn sé thar cionn liom.’
Tá an-ghrá ag Caitríona do Chonamara. Agus faoi láthair, tá sí ag iarraidh ceadúnas pleanála chun teach a thógáil sa cheantar.
Tá sí an-oscailte faoina streachailt. Labhair sí ar Drivetime ar RTÉ Raidió a hAon cúpla mí ó shin faoina fadhbanna tithíochta sa Ghaeltacht. Bhí sí tar éis chur isteach air dhá uair ag an am.
Ach an bhfuil aon rud athraithe anois?
‘Chuir mé isteach ar phleanáil faoi dhó, agus níor éirigh liom go dtí seo ar aon chuma. Le cúnamh Dé go n-aireodh liom.
‘Táim tar éis chur isteach air anois don tríú huair. Tá súil agam go n-athróidh rudaí, agus go n-athróidh rudaí go gearr.
‘Sílim go gcaitheadh rudaí athrú, más rud é go bhfuil siad ag iarraidh an Ghaeltacht a choinneáil, agus an teanga a shábháil amach anseo. Is dóigh go bhfuil an rud is tábhachtaí ná go mbeadh siad ag cuimhneamh ar sin agus go mbeadh siad ag cuimhneamh ar an chéad ghlúin eile.
‘Is iad an chéad ghlúin eile a chaomhnóidh an teanga. Caithfear é sin a chaomhnú. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Caithfear na Gaeltachtaí a choinneáil beo. Tá súil agam go dtiocfaidh athrú ar chúrsaí amach anseo.’
Dúirt sí: ‘Tá tú ag iarraidh go bhfanfaidh muintir na Gaeltachta sa nGaeltacht. Tá tú ag iarraidh go dtoghadh siad a gcuid clainne le Gaeilge. Níl tú ag iarraidh go mbeadh siad ag bogadh amach sna bruachbhailte, nó na bailte móra.
‘Má tá tú ag iarraidh Gaeltacht a chaomhnú agus a shábháil, caithfear muintir na Gaeltachta a choinneáil sa nGaeltacht. Sílim go ceart go mbeadh riail do mhuintir na Gaeltachta, go mbeadh siad in ann fanacht ina mbailte dúchais amach anseo.’
Dúirt an brúghrúpa tithíochta, Bánú, go raibh ‘díomá mhór’ orthu nach raibh aon mhaoiniú sa Bhuiséad le ‘ról gníomhach’ a thabhairt do Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta.
Dúirt siad: ‘Níl sé sásúil, beag ná mór, gur fógraíodh ardú suntasach i gcaiteachas an Rialtais ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge, ach go ndearnadh neamhaird ar an ngéarchéim tithíochta sna ceantair Ghaeltachta, rud atá ag cur todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail i mbaol.
‘Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an tAire Gaeltachta, Dara Calleary, dáiríre faoi ról a bheith ag Údarás na Gaeltachta maidir le tithíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht do chainteoirí Gaeilge.’
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: ‘Táimid ag éileamh go n-úsáidfear cuid den mhaoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta chun roinn tithíochta a bhunú san Údarás, agus táimid ag éileamh go mbeidh pleanáil teanga i measc an aosa óig i measc na mbarr-thosaíochtaí leis an airgead luaite don phleanáil teanga.’
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: ‘Is gá tosaíocht ollmhór a dhéanamh den ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht.
‘Leanfar leis an fheachtas le cothrom na féinne a bhaint amach do mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta sa todhchaí agus chuige sin beimid ag teacht le chéile ag an Oireachtas leis an cháinaisnéis seo agus eile a phlé agus gníomhartha a aontú.’
Dúirt Aengus Ó Snodaigh as Sinn Féin gur trua nach raibh tagairt ar bith don ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht sa Bhuiséad.
Mháirseáil 25,000 duine trí chathair Bhaile Átha Cliath cúpla seachtain ó shin, ag éileamh an meas agus an tacaíocht chuí don teanga ó rialtais ó thuaidh agus ó dheas den teorainn.
An raibh na hairí ag éisteacht? Le bheith cothrom, bhí triúr acu ag éisteacht; agus is ábhar suntasach é gur cainteoirí Gaeilge iad an triúr acu agus go raibh freagracht orthu as an nGaeltacht ag am éigin – Jack Chambers, Dara Calleary agus Patrick Donovan.
Mar sin féin, níl an tuiscint acu fós ar cé chomh tábhachtach is atá tithíocht do chainteoirí Gaeilge agus a dteaghlaigh agus don teanga féin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.