

Tá Peaky Blinders ag teacht ar ais le dhá shraith nua, ag díriú ar ‘ghlúin nua de mhuintir Shelby’, dar leis an BBC.
Tá sé seo ag teacht i ndiaidh scannán Peaky Blinders, ina raibh na haisteoirí Éireannacha Barry Keoghan agus Cillian Murphy, a chríochnaigh an scannánú i mí na Nollag anuraidh.
Leanfaidh na sraitheanna nua ar aghaidh ó imeachtaí an scannáin atá le teacht, agus beidh siad á scannánú ag Digbeth Loc Studios i mBirmingham.
Níl sé soiléir fós an mbeidh Cillian Murphy, a bhuaigh Oscar agus a bhí i ról Tommy Shelby sa tsraith bhunaidh, ar ais. Chríochnaigh an tsraith sin i 2022.

Beidh na heachtraí nua suite arís i mBirmingham, sa bhliain 1953, tráth a raibh an chathair ag tógáil todhchaí nua i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
Dúirt cruthaitheoir agus scríbhneoir na sraithe, Steven Knight, an fear a chruthaigh House of Guinness freisin: ‘Táim ar bís an chaibidil nua seo de scéal Peaky Blinders a fhógairt.
‘Beidh sé fréamhaithe i mBirmingham arís, ag insint scéal na cathrach ag éirí as luaithreach an blitz. Tá an ghlúin nua de mhuintir Shelby i gceannas anois, agus beidh sé ina thuras fiáin.’

Nuair a tháinig deireadh leis an tsraith i 2022 tar éis naoi mbliana, ba chosúil go raibh Tommy Shelby ag tréigean a shaol coiriúil.
Phléigh an tsraith ardú an fhaisisteachais, polaitíocht Phoblach na hÉireann, agus gníomhaíochtaí cumannacha tar éis an Chéad Chogadh Domhanda — chomh maith le mianta Tommy sa pholaitíocht.
Dúirt Lindsay Salt, stiúrthóir Drámaíochta BBC: ‘Bhí tionchar ollmhór ag an seó nuair a tháinig sé ar ár scáileáin 12 bliain ó shin. Ní féidir liom fanacht go dtiocfaidh na scéalta nua chun beatha nuair a thosóidh an scannánú i mBirmingham.’
Beidh sé shraith in aghaidh an tséasúir, agus craolfar iad ar BBC One agus ar Netflix freisin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.