Gearradh cánach (tax cut) ‘do McDonald’s ach ní do ghnáth teaghlaigh’

Tá fearg ag fás faoi thuairiscí go mbeidh níos lú le caitheamh ag teaghlaigh tar éis dóibh a gcánacha a íoc an bhliain seo chugainn, agus praghsanna ag ardú go tapa

Beidh níos lú le caitheamh ag daoine tar éis dóibh a cánacha a íoc an bhliain seo chugainn mar gheall ar Bhuiséad na seachtaine seo chugainn, de réir tuairiscí.

In ainneoin an chostais mhaireachtála méadaithe agus an praghas ard atá ar fhuinneamh tí, tá Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, ag díriú faoisimh chánach ar chuideachtaí seachas ar ghnáth teaghlaigh.

Jack Chambers
Jack Chambers

Is dócha go mbeidh laghduithe cánach d’fhorbróirí réadmhaoine (property developers) agus laghdú ar an ráta ‘VAT’ do bhialanna agus bialanna mearbhia (fastfood outlets) sa Bhuiséad.

Tá teannas suntasach laistigh den Chomhrialtas mar gheall ar an ngearradh don earnáil fáilteachais ar chostas gnáth dhaoine.

Meastar go dtiocfaidh an gearradh don earnáil fáilteachais i bhfeidhm i mí Iúil.

Tagann sé i ndiaidh comhaontú idir an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris chun plean Fhine Gael a chur chun cinn.

Beidh óstáin fágtha amachón laghdú, ach gheobhaidh comhlachtaí móra, lena n-áirítear cuideachtaí ar nós McDonald’s, é, de réir tuairiscí.

Cé go bhfaighidh na cuideachtaí sin faoiseamh, dúirt an tUasal Donohoe nach mbeidh aon innéacsú cánach (tax indexation) ann.

Is éard atá i gceist le hinnéacsú cánach ná athrú ar na rátaí éagsúla mar fhreagairt ar bhoilsciú.

Mar sin, cé go n-ardóidh costas ar earraí, fanfaidh an méid faoisimh a fhaighimid mar atá, rud a chiallaíonn go mbeidh níos lú airgid againn le híoc as rudaí a chosnaíonn níos mó.

Dúirt an tUasal Donohoe: ‘Ní bheidh aon athruithe [innéacsú] ar chánachas pearsanta laistigh den Bhuiséad mar go mbeidh mé ag tabhairt tosaíochta do chinntí maidir le poist agus infheistíocht i dtodhchaí ár ngeilleagair.

‘Tá innéacsú tugtha chun cinn ag go leor de na buiséid éagsúla a rinne mé san am atá thart, agus bhí costas an méid sin thart ar €1.2 billiún go €1.3 billiún.

‘Dá rachainn ar aghaidh leis na bearta éagsúla go léir a iarradh orm a dhéanamh, d’fhéadfadh sé go mbeadh pacáiste iomlán ann a chreidim a bheidh ró-mhór.’

Dúirt an tUasal Donohoe go mbeidh an pacáiste cothrom le €1.5 billiún.

Dúirt sé: ‘Sin an pacáiste cánach is mó a chreidim atá sábháilte a chur i bhfeidhm inár ngeilleagar.

Cinneadh cánach le Paschal Donohoe Pic Gareth Chaney/Collins Photos
Cinneadh cánach le Paschal Donohoe Pic Gareth Chaney/Collins Photos

‘Dá rachaimis thar €1.5 billiún, tá an baol ann, le himeacht ama, go laghdófar ár mbonn cánach agus go ndéanfar sábháilteacht ár n-airgeadais phoiblí a lagú, agus an cumas íoc as ár seirbhísí poiblí sa todhchaí.’

Dúirt sé: ‘Is é an rud is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh agus Buiséad á ullmhú againn ná na bearta a chur i bhfeidhm a chabhróidh le poist a choinneáil inár dtír, an méid atá againn a choinneáil agus níos mó post a fháil sa todhchaí.’

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers, go bhfuil fócas an Bhuiséid ‘i gcónaí ar luach ar airgead agus ar a chinntiú go mbíonn tionchar ag caiteachas poiblí’.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram