

Bheadh tuiscint níos fearr ag Manchán Magan ar na focail seo ná aon duine eile.
‘Braithimid uainn thú.’
Ní féidir leat é sin a rá i mBéarla.
Léiríonn sé an mothúchán a bhíonn againn nuair a chaillimid duine, nó fiú nuair a bhíonn duine i bhfad uainn; cé chomh gar agus a mhothaímid iad linn, agus iad imithe; cé chomh láidir is atá an mothúchán sin.
Thar an deireadh seachtaine seo tá ómós á thabhairt do Manchán Magan a léirigh dúinn cé chomh saibhir, álainn agus dána (uaireanta an-dána) is atá an teanga seo atá againn.
Dúirt Breandán Ó Beacháin gur mhúin muintir Shasana a teagna dúinn; agus gur mhúin muidne dóibh an chaoi is fearr chun í a labhairt.

Mhúin Manchán dúinne an chaoi is fearr chun Gaeilge a thusicint.
Dúirt ár Uacharán Micheál D Ó hUigínn, ‘Ba mhór an chúis bhróin dom cloisteáil faoi bhás Mhancháin Magan, scríbhneoir agus craoltóir nach raibh a shárú le fáil.
Is deacair a shamhlú go bhféadfadh aon duine eile an méid céanna a bhaint amach ar bhealach chomh leathan agus chomh tarraingteach, le háilleacht, doimhneacht agus beocht na Gaeilge a thabhairt chuig oiread daoine.’
Thuig Manchán fíorbhrí na bhfocal agus an chaoi a raibh siad ceangailte le chéile agus bhí na scileanna aige é sin a thaispeáint dúinn.
Ach b’fhéidir go raibh tuistcint nios fearr ag fo-eagarthóir san Irish Times ar a chaoli a théann an teanga i bhfeidhmorainn nuair a scríobh sé an ceannlíne ar léirmheas ar an leabhar, Thirty-Two Words for a Field:
Thirty-two words for field, 50 for penis. What the Irish language tells us about who we are
Labhair Manchán le Brendan O’Connor ar RTÉ Radio a hAon faoina ailse, agus cé chomh dona is a bhí sí, an mhí seo caite.
Bhí a bhás ag druidim linn agus anois tá sé imithe uainn ag aois an-óg 55.
Tá ár smaointe agus ár paidreacha, thar an deireadh seachtaine seo, lena bhean chéile Aisling, a mháthair Cróine agus a thriúr deartháireacha agus deirfiúracha.
D’eisigh siad an scéal brónach faoina bhás de bharr ailse próstatach maidin Dé hAoine.
I measc na n-ómós bhí athchraoladh d’agallamh a rinne sé ar Tús Áite ar Raidió na Gaeltacht, agus thug Fachtna Ó Drisceoil comhairle dúinn roimh ré. éisteacht le saibhreas na bhfocal.
Agus is é sin, go bunúsach, an rud a rinne Manchán Magan.
Léirigh sé dúinn cé chomh il-daite is atá an teanga a bheagnach d’fhágamar inár ndiaidh.
D’inis Thirty-Two Words for a Field 32 scéal difriúil dúinn fuainn féin agus na smaointe agus na háiteanna as a dtáinig muid.
Le linn a shlí bheatha, sular tháinig sé chun bheith ina ‘celeb’ chomh mór le Kneecap i measc phobal na Gaeilge, bhí aithne ar Mhanchán as a chláir faisnéise taistil, a léirigh sé cuid mhaith acu lena dheartháir, Ruan.
Fuair sé moladh as a chlár faisnéise ‘No Béarla’, inar thaistil sé ar fud na tíre ag labhairt Ghaeilge amháin.
Bhí gairm bheatha ag Manchán mar cholúnaí nuachtáin freisin agus tá cáil ar a chuid leabhar, ar ndóigh.
An mhí seo caite amháin, labhair sé faoina ghalar, a bhí scaipthe chuig orgáin iolracha, le linn agallaimh le Brendan O’Connor.
Dúirt sé le Brendan: ‘Dá mbeadh clár oibre (agenda) agam, bheadh sé faoi na rudaí a nascann sinn leis an spiorad. Agus ceapaim go bhfuil oidhreacht gach chultúir thraidisiúnta faoi na rudaí a nascann iad mar threibh, ach freisin faoi na rudaí a nascann iad leis an dúlra.
‘Agus ansin cá dtéann tú ón dúlra go dtí an spiorad? Is é an meascán sin in aon chultúr ar fud an domhain. Is é an spiorad an bunús. Táimid sa dúlra, agus ansin táimid mar dhaoine sa dúlra agus ceangailte leis.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.