Le ApplyToSchool is féidir iarratas a dhéanamh ar áit scoile ar líne

Beidh tuismitheoirí agus daltaí in ann iarratas a dhéanamh ar líne le dul isteach sa mheánscoil leApplyToSchool

Tá córas píolótach nua seolta ag an Rialtas le haghaidh iarratais ar líne chuig meánscoileanna.

Tugtar ApplyToSchool.ie ar an gcóras nua seo, agus tá sé ar fáil go dtí 22 Deireadh Fómhair. Tá sé mar aidhm aige próiseas na n-iarratas a shimpliú i roinnt ceantar ar fud na tíre.

Beidh tuismitheoirí agus caomhnóirí in ann iarratas a dhéanamh ar áiteanna sa chéad bhliain trí ApplyToSchool, lena n-áirítear ranganna speisialta, trí fhoirm iarratais ar líne atá tapa agus éasca le húsáid.

Beidh 15 scoil pháirteach sa scéim phíolótach ApplyToSchool i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe; Cill Droichid, Co. Chill Dara; Na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin; Cloich na Coillte, Iarthar Chorcaí; agus Tulach Mór/Coill an Átha, Co. Uíbh Fhailí.

Helen McEntee sg seoladh ApplytoSchool
Helen McEntee sg seoladh ApplytoSchool

Ghabh an tAire Oideachais, Helen McEntee, buíochas leo as a dtiomantas don scéim.

Dúirt sí: ‘Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair iontach atá déanta ag foireann na scoileanna seo, a d’oibrigh le tuismitheoirí agus leis an Roinn chun an seoladh seo a ullmhú.

Is céim mhór chun cinn é an píolótach seo i dtreo córas iarratais náisiúnta a chur ar fáil a dhéanfaidh an próiseas iontrála níos fusa do theaghlaigh agus do scoileanna araon.’

‘Is féidir le haistriú ó bhunscoil go meánscoil a bheith strusmhar do theaghlaigh, agus tá sé mar aidhm ag an gcóras nua seo an brú sin a mhaolú.

‘Tabharfaidh an scéim phíolótach léargas luachmhar dúinn agus sinn ag obair i dtreo cur i bhfeidhm náisiúnta.’

Luaigh sí freisin go mbeidh tairbhe mhór ag baint leis: ‘Nuair a ghlacann tuismitheoir le tairiscint i mBabhta 1, cuirfear na scoileanna eile ar an eolas.

‘Iarrfar ar na tuismitheoirí an scoil is fearr leo a roghnú, rud a ligfidh do na scoileanna eile na háiteanna sin a thairiscint do pháistí eile i mBabhta 2.’

Dúirt an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD: ‘Is iontach an rud é an córas nua seo a fheiceáil á chur i bhfeidhm.

‘Tabharfaidh sé suaimhneas intinne do thuismitheoirí, go háirithe dóibh siúd atá ag lorg áiteanna i ranganna speisialta.’

Beidh iarratais ar fáil

go dtí 22 Deireadh Fómhair ar ApplyToSchool.ie. Seolfar tairiscintí Bhabhta 1 ar 12 Samhain, agus Babhta 2 ar 4 Nollaig.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram