Mo Chara as Kneecap níos diongbháilte ná riamh ag labhairt amach agus a chúisimh curtha ar ceal

Mo Chara as Kneecap: ‘Dúirt muid go ndéanfaimis troid libh i bhur gcúirt agus go mbeadh an bua againn. Tá sé sin déanta againn inniu’

Shiúil ball den ghrúpa Kneecap, Mo Chara, amach as cúirt i Londain mar fhear saor Dé hAoine – agus bhí sé níos diongbháilte ná riamh labhairt amach ar son na Palaistíne.

Mo Chara mar DJ Provaí
Mo Chara mar DJ Provaí

Cuireadh na cúisimh sceimhlitheoireachta ina choinne ar ceal mar gheall ar theicniúlacht.  Bhí sé cúisithe as bratach Hezbollah a chroitheadh – ach dá bhfaighfí ciontach é, d’fhéadfadh pianbhreith throm a bheith faighte aige.

Mar sin féin labhair Mo Chara – Liam Óg Ó hAnnaidh, as Béal Feirste –  faoi ‘bhur’ rialtas agus ‘bhur’ chúirt, agus dúirt sé: ‘Más rud é go bhfuil aon duine ar an phláinéad seo ciontach i sceimhlitheoireacht, is é stát na Breataine é. Saoirse don Phalaistín.’

Chaith Mo Chara keffiyeh Palaistíneach, balaclava i ndathanna trídhathach na hÉireann agus spéaclaí gréine; agus tar éis na trialach dúirt sé le lucht tacaíochta: ‘Ní raibh an próiseas seo ar fad fúmsa riamh.

‘Ní raibh sé riamh faoi aon bhagairt don phobal, ní raibh sé riamh faoi sceimhlitheoireacht – focal a úsáideann do rialtas chun míchiú a tharraingt ar dhaoine atá sibh ag cur faoi chois.

‘Is mar gheall ar Ghaza a bhí sé seo i gcónaí, agus an rud a tharlaíonn má tá tú sásta labhairt amach.’

Dúirt sé: ‘Theip ar bhur gcuid iarrachtaí sinn a chur ina dtost mar táimid ceart agus sibhse mícheart. Ní bheimid ciúin.

‘Dúirt muid go ndéanfaimis troid libh i bhur gcúirt agus go mbeadh an bua againn. Tá sé sin déanta againn inniu.’

Cúisíodh é as tacú le grúpa toirmiscthe nuair a líomhnaíodh go raibh sé ag croitheadh bratach Hezbollah ag ceolchoirm i mí na Samhna seo caite.

Mo Chara 2 Aaron Chown PA Wire PA Images
Liam ‘ Mo Chara’ Óg Hannaidh. Pictiúr: Aaron Chown/PA Wire/PA Images

Cuireadh moill ar an gcás arís is arís eile i rith an tsamhraidh, ach scaoileadh amach é ar deireadh mar gheall ar earráid theicniúil sa chaoi ar tugadh na cúiseanna ina choinne.

Dúirt Príomh-Bhreitheamh Paul Goldspring i gCúirt Choróin Woolwich ar maidin go raibh na húdaráis mícheart sa chaoi ar chuir siad tús leis an gcás, toisc nach raibh cead tugtha ag an Ard-Aighne (Attorney General) don ionchúiseamh.

Dúirt sé: ‘Cuireadh tús leis na himeachtaí seo go mídhleathach agus níl siad bailí.
‘Níor tugadh an cead riachtanach ón DPP ná ón Ard-Aighne laistigh den tréimhse shé mhí atá leagtha síos sa dlí.’

Mar sin, tá an cúiseamh neamhbhailí agus níl an chúirt in ann é a thriail.

Mo Chara 3 GMCD
Cuireadh i leith Mo Chara go raibh sé ag taispeáint bratach Hezbollah ag ceolchoirm i mí na Samhna seo caite. Pictiúr: GMCD

Bhí lucht tacaíochta Kneecap bailithe taobh amuigh den chúirt ar maidin, in ainneoin ordú a chuir cosc orthu a bheith gar don chúirt i Westminster, áit a bhí an cás le bheith ar dtús.

Is mar gheall ar thuilte a bgogadh an chás go Woolwich, de réir na húdaráis.

Bhí Mo Chara ag caitheamh balacláva trídathach, cosúil lena chomrádaí DJ Próvaí, a tháinig chun tacú leis.

D’fhógair an banna ar Instagram oíche roimh ré: ‘Tá beagán tuile timpeall ar chúirt Westminster, mar sin tá an éisteacht bogtha go Woolwich. An t-am céanna. An chraic céanna. Áit eile. Woolwich Crown Court, 2 Bóthar Belmarsh, Londain.’

Chríochnaigh siad le glaoch ar lucht leanúna: ‘Tá súil againn go mbeidh sibh in ann teacht fós chun tacú le Liam Óg agus na leaids ó Kneecap.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram