Oíche Chultúir: Le Doireann Ní Ghlacáin, ceoltóir, podchraoltóir, agus láithreoir teilifíse

Tá oidhreacht chultúrtha na hÉireann ag Doireann Ní Ghlacáin, a chuireann clúdach RTÉ i láthair ar Oíche Chultúir, ach tá sí imithe ina treo féin freisin.

Tá Oíche Chultúir linn Dé hAoine le go leor le déanamh do Ghaeilgeoirí, agus i gcroílár na himeachtaí, mar is gnáth, beidh Doireann Ní Ghlacáin.

Beidh Doireann le feiscint ar RTÉ a hAon, ag cur ‘Culture Night Live’ i láthair, agus é ag teacht ó chathair na Gaillimhe ag a hocht a chlog.

Doireann Ní Ghlacáin (ar dheis) ag cur Fleadh '24 i láthair ar TG4
Doireann Ní Ghlacáin (ar dheis) ag cur Fleadh ’24 i láthair ar TG4

Is gariníon í de Sheán Ó Riada, a d’fhás aníos i gCluain Tarbh (Clontarf) i mBaile Átha Cliath agus tá sí an-bhródúil as a hoidhreacht ceol.

Mar sin féin, chruthaigh sí a híomhá bharántúil féin.

Chuir sí ‘Tracks and Trails’ i láthair ar RTÉ níos luaithe i mbliana. Ach níl a cuid buanna teoranta don Bhéarla amháin.

Bíonn Doireann ar sheónna TG4 go minic. Thaispeáin sí a phaisean don cheol agus Gaeilge ar Fleadh 25 le déanaí.

Ach, ní féidir linn dearúd a dhéanamh ar a phodchraoladh ollmhór, How to Gael.

Cuireann Doireann an phodchraoladh dátheangach i láthair le láithreoirí teilifíse agus raidió, Síomha Ní Ruairc agus Louise Cantillon.

Tá How to Gael chomh mór sin gur chuadar ar thuras dhomhanda níos luaithe i mbliana.

Thugadar cuairt ar chathracha ar nós Nua Eabhrac, Vancouver, agus … Cathair Luimnigh.

Doireann Ni Ghlacain agus Louise Cantillon ag bainis Siomha Ni Ruairc Instagram Doireann
Doireann Ní Ghlacáin agus Síomha Ní Ruairc ag bainis Síomha Ní Ruairc. Pictiúr: Doireann Ní Ghlacáin

Chonaiceas iad beo i Dolans, agus bhíodar thar barr.

Agus le hOíche Chultúir 2025 buailte linn, is cosúil go bhfuil an fidléir níos gnóthaí ná riamh.

Tá Oíche Chultúir ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód, agus beidh go leor imeachtaí Gaeilge ar siúl timpeall na tíre anocht.

Bí réidh d’oíche lán le craic, ceol agus comhluadar.

 Ag tosnú sa deisceart, tá Preab-Gaeltacht eagraithe ag Comhluadar Luimnigh i dTigh Dhubháin (Devane’s), An tOspidéal.

Tosnóidh  sé ag 9.30pm. Beidh sé foirfe duit más maith leat cairde nua le Gaeilge a dhéanamh, agus cinnte muna bhfuil tú ag tiomáint.

Tá Céilí dá Theaghlaigh á reáchtáil ag an múinteoir rince Aedín Ní Mhaoiléidigh i CLG na Fianna, Bóthar Mobhí, Baile Átha Cliath. Tosnóidh sé ag a seacht.

Agus is féidir leat freastal ar ‘Oíche an tSeanchais agus na Nua-Aoiseachta i gConamara Láir’, má tá tú ag iarraidh freastal ar sheó i gcroílár na Gaeltachta.

Cibé áit ina mbeidh tú anocht, dean cinnte go bhfuil oíche nótálta agat.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram