TG4 ag tochailt (digging up) scéalta faoi na celebs i stair na hÉireann: Micheál Ó Coileáin (Michael Collins)

Fiseán (video): Tá Tochailt ar ais ar Foghlaim TG4 le cur síós ar laochra (agus daoine nach iad!) san am atá thart. Clic ar an nasc anseo agus, mar a deir Oasis: Ná féach siar le fearg!

Tá Foghlaim TG4 agus Fíbín Media tar éis sraith úrnua de Tochailt a chur ar fáil, a bhaineann leas as an ngreann agus as eolas fíriciúil.

Déanann siad iarracht chun na pearsaí agus na tarlúintí is suimiúla i stair na hÉireann agus i stair an domhain a fhiosrú. Agus tá sé ar fáil anois ar Foghlaim TG4 agus YouTube Foghlaim TG4.  

Idir Micheál Ó Coileáin, Helen Katz Lewis, an Gorta Mór agus Cogadh Vietnam, beidh oideachas agus siamsaíocht araon sna 20 físeán beag.

Smaoinigh ar mheascán de Horrible Histories agus Reeling in the Years… don tsraith shóisearach seo ar TG4. 

Trí na 20 pearsa Éireannach a fhiosrú, foghlaimíonn na reiligirí Donn (Cillian Ó Donnachadha) agus Clio (Gráinne Bleasdale) an-chuid óna chéile.


Screenshot 2025 09 18 113738
Cliceáil anseo chun an píosa faoi Micheál Ó Coileáin (Michael Collins) a fheiceáil

Cliceáil anseo chun an píosa faoi Micheál Ó Coileáin (Michael Collins) a fheiceáil


Tá iontas ar Dhonn gur féidir leis an teicneolaíocht íomhánna, físeáin agus eolas faoin ábhar nó faoin bpearsa a bhfuil  sé dírithe air a fháil láithreach.

Maidir le Clio, foghlaimíonn sí ó Dhonn go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an stair ná na cinnlínte a léigh sí, agus go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna a fháil amach an chúis ar tharla rud chomh maith le céard a tharla. 

Tugann an bheirt acu cuairt ar reiligí ar fud na hÉireann, ag foghlaim faoi dhaoine ó réanna éagsúla i stair na hÉireann. 

Arna chur i dtoll a chéile agus arna scríobh ag Simon Noble agus ag Cillian Ó Donnachadha agus arna thaifeadadh le solas infridhearg ag Trevor Laffey, díríonn Tochailt ar fhoghlaim na staire ar bhealach atá spraíúil agus éasca a thuiscint ag daltaí agus ag múinteoirí araon.

Trí bhéim ar an ngreann agus ar an scéalaíocht, múintear na tréimhsí riachtanacha de stair na hÉireann agus den stair idirnáisiúnta. 

Ag teacht leis na cláir tá acmhainní oideachais scríofa ag COGG, agus gach mír saor in aisce agus réidh le híoslódáil agus le úsáid sa seomra ranga.

Leathnaíonn na hacmhainní seo an fhoghlaim agus treisíonn siad an méid atá ar fáil ar an scáileán, ag tabhairt tuilleadh tacaíochta don mhuinteoir agus scoláire araon.  


Clic anseo agus léigh faoi bhás Micheál Ó Coileáin (Michael Collins)


‘Bíonn ríméad orainn i gcónaí nuair a bhíonn deis againn ábhar a léiriú don lucht féachana seo mar gur féidir linn a bheith cruthaitheach leis! Is teistiméireacht é Tochailt do na daoine cruthaitheacha a d’oibrigh ar an tionscadal,’ a deir Darach Ó Tuairisg, Léiritheoir Feidhmiúcháin ag Fíbín Media. 

‘Tá pacáiste láidir, tarraingteach cruthaithe agus foilsithe anois a bheas go mór ina chuidiú do mhúinteoirí agus scoláirí.

‘Tá muid thar a bheith bródúil as an obair atá déanta le greann agus siamsaíocht a thabhairt do na scéalta staire seo.’ 

Beidh siad ar fáil ar Foghlaim TG4 agus YouTube Foghlaim TG4.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram