

Tá Donald Trump, Uachtarán reatha na Stát Aontaithe, tar éis feachtas bailithe airgid a sheoladh atá ag tarraingt aird mhór – ach an uair seo, ní chun toghchán a mhaoiniú atá sé, ach chun ‘dul ar Neamh’.
I ríomhphost a seoladh chuig a lucht tacaíochta, d’iarr sé síntiús cúig dollar déag ó gach duine chun cabhrú leis ‘a bhealach a dhéanamh isteach i sa pharthas’.

Sa teachtaireacht dar teideal ‘“’Ba mhaith liom iarracht a dhéanamh dul ar Neamh’, mhaígh Donald Trump gur tháinig sé ‘milliméadar ó bhás’ nuair a scaoileadh urchar leis i mí Iúil 2024.
Dúirt sé gur shábháil Dia é ar chúis amháin: ‘CHUN MEIRICEÁ A DHÉANAMH IONTACH ARÍS’.
Dar leis, tá Trump anois ag freagairt don ghlaoch diaga, ach go dteastaíonn tacaíocht airgeadais uaidh chun an misean sin a chur i gcrích.
Tháinig an teachtaireacht seo i ndiaidh agallaimh ar chlár teilifíse Meiriceánach, áit a dhúirt Donald Trump gur mhaith leis deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.
‘Má shábhálaim seacht míle duine gach seachtain, sílim gur rud maith é sin – agus b’fhéidir go mbeidh seans agam ar neamh,’ a dúirt sé.
Dúirt urlabhraí an fheachtais, Karoline Leavitt, gur chreid sí go raibh Trump dáiríre.
‘Tá sé ag iarraidh dul ar Neamh – mar a ba chóir dúinn go léir,’ a dúirt sí.

Tá an scéal seo ag teacht i gcomhthéacs ráflaí ar na meáin shóisialta faoi shláinte Trump, rud a shéan sé go láidir.
Scríobh sé ar an ardán X: ‘Níor mhothaigh mé níos fearr i mo shaol riamh.’
Cé go bhfuil an feachtas neamhghnách, léiríonn sé an chaoi a bhfuil Trump ag baint úsáid as creideamh agus mothúcháin phearsanta chun tacaíocht a chothú.
Ach tá go leor ag ceistiú an bhfuil sé oiriúnach do dhuine atá ag iarraidh fanacht mar Uachtarán.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.