

Ní ghlacfaidh Éire páirt i gcomórtas Eoraifíse na bliana 2026 má cheadaítear d’Iosrael páirt a ghlacadh ann, de réir RTÉ.
Tá RTÉ tar éis a chur in iúl don Aontas Craoltóireachta Eorpach (EBU) go ndéanfar cinneadh deiridh maidir le rannpháirtíocht na hÉireann nuair a bheidh cinneadh déanta ag an EBU faoi Iosrael.

Dúirt RTÉ i nóta chuig an bhfoireann go ndearnadh imní a chur in iúl ag cruinniú ginearálta an EBU i mí Iúil maidir le rannpháirtíocht Iosrael sa chomórtas.
Dúirt RTÉ: ‘Ba mhaith le RTÉ buíochas a ghabháil leis an EBU as an bpróiseas comhairliúcháin cuimsitheach a cuireadh ar bun i ndiaidh an chruinnithe sin, agus as an rogha a leathnaíodh chun tarraingt siar ón gcomórtas gan pionós go dtí mí na Nollag.’

‘Is é seasamh RTÉ ná nach mbeidh Éire pháirteach i gcomórtas Eoraifís 2026 má ghlacann Iosrael páirt ann, agus déanfar cinneadh deiridh maidir le rannpháirtíocht na hÉireann nuair a bheidh cinneadh déanta ag an EBU.
‘Measann RTÉ nach mbeadh rannpháirtíocht na hÉireann inghlactha i bhfianaise an chaillteanais uafásaigh saoil atá ag tarlú i nGaza.
‘Tá RTÉ an-bhuartha freisin faoi mharú dírithe iriseoirí i nGaza, an diúltú rochtana do na hiriseoirí idirnáisiúnta, agus cruachás na ndaoine atá fós ina ngiall.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.