

CEARTA: Do chainteoirí Gaeilge, agus do chainteoirí Béarla a bhfuil meas acu ar an nGaeilge, tá an ócáid is tábhachtaí le breis agus deich mbliana ag teacht chugainn.
Agus ba chóir do chách a bheith ann chun tacú leis. Sé sin CEARTA: Mórshiúl Náisiúnta na nGael, atá ar siúl Dé Sathairn, 20 Meán Fómhair, i mBaile Átha Cliath.

Ní raibh an grá dár dteanga chomh láidir riamh agus atá sé faoi láthair.
Tá sé le cloisteáil sa cheol, agus le feiceáil ar na meáin shóisialta; agus tá clubanna agus grúpaí ag teacht le chéile ar fud na tíre – agus thar lear – do dhaoine atá fonnmhar an Ghaeilge a labhairt.
Mar sin féin, is cosúil, áfach, go bhfuil gach plean chun an teanga a fhorbairt i bhfostú.
Cad atá na húdaráis – ó thuaidh agus ó dheas den teorainn – ag déanamh mar fhreagra ar an ngá atá ann do níos mó tacaíochta don Ghaeilge?
Cá bhfuil na scoileanna a gealladh dúinn?
Cá bhfuil an infheistíocht?
Tá scéimeanna tithíochta do cheantair Ghaeltachta geallta agus neamhaird déanta orthu.
Tá cearta bunúsacha na gcainteoirí Gaeilge curtha ar neamhní.
Anois an t-am a chaithfimid infheistíocht cheart a fheiceáil inár dteanga.

Agus tá sé in am dóibh siúd atá i gceannas, ón gcomhairle áitiúil go dtí an Rialtas, an teachtaireacht a chloisteáil os ard agus go soiléir.
Sin é an fáth go bhfuil sé tábhachtach go nglacfaidh gach duine a bhfuil suim acu sa teanga páirt i gCEARTA: Mórshiúl Náisiúnta na nGael, Dé Sathairn 20 Meán Fómhair.
Is é seo an chéad agóid náisiúnta ar son ár dteanga le breis agus deich mbliana agus tagann an agóid seo i ndiaidh blianta de ghealltanais bhriste nó neamh-chomhlíonta agus gníomhartha easnamhach chun tacú lenár dteanga agus leis an nGaeltacht.
Baileoidh an slua le chéile ag Cearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath agus siúlfar isteach i gcroílár na cathrach, chomh fada le Teach Laighean, áit a mbeidh óráidí agus agóid.
Tá busanna ag teacht ó gach cearn den tír go Baile Átha Cliath don agóid.
Is iad na móréilimh seo a leanas a bheadh le cur chun cinn ar an lá féin:
Éileamh 1: Maoiniú
Le dul i ngleic leis an éigeandáil i maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta, éilítear:
Go n-aithneofar éagothroime stairiúil an bhonnleibhéil mhaoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, agus an tionchar diúltach a bhí aige seo ar fhíorú chearta teanga an phobail thar na blianta;
Go gcuirfear maoiniú sásúil ar fáil tríd na áisíneachtaí Stáit cuí le maoiniú cothrom agus sásúil a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Éileamh 2: Tithíocht sa Ghaeltacht
Le dul i ngleic leis an éigeandáil tithíochta sa Ghaeltacht:
Go gcinnteofar go mbeidh an ceart ag pobal na Gaeltachta cónaí ina gceantar dúchais, an soláthar cuí a dhéanamh leis seo a chinntiú agus, mar thoradh air seo, cabhrú leis an teanga a shlánú agus a láidriú mar theanga phobail sna ceantair chéanna.
Éileamh 3: Oideachas
Le dul i ngleic leis an éigeandáil sna córais oideachais, éilítear:
Go mbeidh sé de cheart ag gach dalta scoile, thuaidh agus theas, freastal ar an nGaelscolaíocht agus chuige sin go gcuirfidh an dá Rialtas an soláthar sásúil cuí ar fáil;
Go mbeidh sé de cheart ag gach dalta scoile ag freastail ar scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, thuaidh agus theas, eispéireas sásúil foghlama Gaeilge a bheith acu, agus chuige sin go gcuirfear an soláthar sásúil cuí ar fáil.
Éileamh 4: Cearta
Tá roinnt cearta teanga, reachtaíochta teanga agus gealltanais Rialtais bhreise bainte amach le roinnt blianta anuas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ach níl cuid mhaith acu feidhmithe agus ag soláthar na gcearta cuí don phobal fós;

Go gcomhlíonfar agus go gcuirfear gach ceart teanga, reachtaíocht teanga agus gealltanas Rialtais bainte amach le tamall de bhlianta anuas i bhfeidhm gan a thuilleadh moille.
Instagram: cearta_morshiul
TikTok: cearta_morshiul
Facebook: Cearta: Mórshiúl Náisiúnta
Website: cnag.ie/cearta
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.