

Déanfar ceiliúradh ar bhliain phíolótach na scéime Glór Ár Linne le hoíche cheoil ar an 17 Meán Fómhair in The Grand Social le spotsolas a chur ar an gcéad ghlúin eile atá ag cruthú ceoil trí Ghaeilge.

Léireofar ón ardán réimse leathan ceoil agus seánraí ó cheol traidisiúnta go pop agus iar-rac.
Roghnaíodh ceoltóirí le páirt a ghlacadh i scéim Glór Ár Linne le deis a sholáthair dóibh tabhairt faoi shraith cheardlanna agus seisiúin taifeadta lena scileanna a fhorbairt.

Ar an scéim Glór Ár Linne tá ceoltóirí leithéid d’Aisling Moran, Jessie and the Veil, Earthmover, Little Kings, Éire agus Chulainn, agus Lisa Murray.
Tá an togra úr seo faoi stiúir Raidió Rí-Rá, popstáisiún náisiúnta Gaeilge don aos óg, i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Éire Ildánach.

Tá sé mar aidhm ar an scéim Glór Ár Linne glúin nua ceoltóirí agus bannaí óga Gaeilge a chothú le meantóireacht, deiseanna, agus spásanna cruthaitheacha. Ba é seo chéad bhliain na scéime, a reáchtálfaí arís don bhliain 2025-2026.
Thug an togra deis do sheisear bhanna agus ceoltóir tabhairt faoi ocht seachtaine ceardlanna agus seisiúin taifeadta, á dtraenáil i réimsí léirithe an cheoil, scríbhneoireacht amhrán, láithreacht ar an ardán, margaíocht, agus scileanna riachtanacha eile rath a bhaint amach san earnáil ceoil, le go mbeidh siad in ann cosán Kneecap agus Huartan a shiúil amach anseo.

I measc na meantóirí le Glór Ár Linne a thug treoir do na ceoltóirí óga bhí leithéidí Sexy Tadhg, Megan Nic Ruairí (Bold Love), agus Matt Ó Baoill (Tebi Rex).
Tugadh ardán do cheoltóirí agus ceolchoirmeacha agus féilte.
Deir Bainisteoir Stáisiúin Raidió Rí-Rá, Emma Ní Chearúil: ‘Tá neart cainte ar “athbheochan na teanga” le gairid, ach thar aon ní eile, tá athghabháil chultúrtha, agus tá daoine ag tabhairt faoi deara gur féidir leo an saol a chaitheamh trí Ghaeilge.

‘Tá ról ag croí na gluaiseachta sin ag an gceol, cultúr agus ag na dána, agus ba mhaith linn an chéad ghlúin eile – an chéad leagan eile de Kneecap, RÓIS nó Huartan – a chothú agus á threorú le go mbeidh siad in ann bláthú san earnáil cheoil.
Ní “treocht” í an Ghaeilge, agus léiríonn ceoltóirí leithéid d’IMLÉ, Cian Mac Cárthaigh agus James Shannon nach bac ach doras atá sa teanga nuair is mian leat gairm a bhaint amach mar cheoltóir proifisiúnta.’
Ag deireadh samhraidh lán deiseanna agus taithí úr, tá an scéim ag teacht chun ceann scríbe le hoíche cheiliúrtha ina léireoidh na bannaí agus ceoltóirí ar fad a gcuid scileanna ar ardán The Grand Social, Dé Céadaoin 17 Meán Fómhair.

Na ceoltóirí a bheidh ag tabhairt chun ardáin ná: Aisling Moran, Jessie and the Veil, Earthmover, Little Kings, Éire agus Chulainn, agus Lisa Murray.
Is scéim de chuid Raidió Rí-Rá é Glór Ár Linne i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Éire Ildánach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.