Tá House of Guinness ag teacht chuig ár scáileáin

Seo gach rud a chaithfidh tú a bheith ar eolas faoi House of Guiunness

Tá cuma ar an scéal go mbeidh 2025 lán le drámaí stairiúla, le dhá shraith mhóra ag teacht amach.

An chéad cheann, Outrageous, déanfaidh sé cur síos ar na deirfiúracha Mitford, mná a bhí clúiteach agus scannalach.

I measc iad, bhí Diana, a phós Bryan Guinness ar dtús ach a d’fhág é chun dul le ceannaire na bhFaisítí, Oswald Mosley.

An dara ceann, House of Guinness, tiocfaidh sé ar Netflix i Meán Fómhair 2025. Beidh sé bunaithe ar scéal chlann Guinness, agus meastar gurb é ceann de na seónna is mó a fheicfear le blianta fada.

________________________________________

Cad é an scéal?

Screenshot 2025 09 01 114005
Aisteoirí House of Guinness. Pictiur: Netflix

Leanann House of Guinness an chlann cáiliúil i ndiaidh bhás an tUasal Benjamin Guinness, garmhac le bunaitheoir na grúdlainne, Arthur Guinness.

Tá ceathrar clainne aige – Arthur, Edward, Anne agus Ben – agus athraíonn a thoil a saol go hiomlán.

Ní hamháin sin, ach tugtar isteach grúpa Baile Átha Cliathaigh a bhfuil a saol agus a gcuid oibre fite fuaite le Guinness. Tá an script scríofa ag Steve Knight.

Dúirt Anne Mensah ó Netflix go bhfuil an script ‘cosúil le leathanaigh as úrscéal clasaiceach, ag insint scéal na gceathrar oidhre agus an chaoi a gcuirtear a saol bunoscionn thar oíche’.


Cé atá ag imirt na bpríomhpháirteanna?

House of Guinness James Norton
Déanfaidh James Norton páirt Seán Rafferty. Pictiúr: Dave Benett/Getty Images
  • James Norton mar Sheán Rafferty.
  • Dervla Kirwan mar Agnes Guinness.
  • Jack Gleeson mar Byron Hedges.
  • Anthony Boyle mar Arthur.
  • Fionn O’Shea mar Benjamin.
  • Louis Partridge mar Edward.
  • Emily Fairn mar Anne.

Beidh Niamh McCormack, Seamus O’Hara agus Michael McElhatton le feiceáil chomh maith.


Cé mhéad eipeasóid?

Screenshot 2025 09 01 113654 2
House of Guinness. Pictiúr: Netflix

Beidh ocht heipeasóid san iomlán, agus beidh siad ar fáil ar Netflix.

________________________________________

Cathain a fheicfimid é?

Tá Netflix tar éis a fhógairt go mbeidh House of Guinness ar fáil ón 25 Meán Fómhair 2025.

Tá léargas beag tugtha acu cheana féin ar an tsraith, agus léiríonn sé go mbeidh sí lán le teannas, díospóidí teaghlaigh, agus an saol timpeall ar an ngnó is cáiliúla in Éirinn – an Guinness féin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram