

Tá bean as Baile Átha Cliath Theas tar éis rabhadh láidir a thabhairt do dhaoine gan solas gréine nó leapacha gréine a úsáid gan chosaint cheart, tar éis di a bheith diagnóisithe le hailse chraicinn faoi dhó.
D’inis Gill Costelloe, atá 45 bliain d’aois, agus as Baile Bric, gur bheagnach fuair sí bás agus gur chaith sí trí mhí san ospidéal, fiú agus an ailse aimsithe go luath.
Bhí sí ag labhairt thar ceann Chumann Ailse na hÉireann agus brú ag méadú chun cosc iomlán a chur ar úsáid tráchtála leapacha gréine in Éirinn, mar atá déanta cheana san Astráil.

De réir Chlár an Rialtais 2025, tá comhairliúchán poiblí ar siúl agus grúpa oibre bunaithe chun scrúdú a dhéanamh ar an gcosc sin.
Dúirt Institiúid na Sláinte Poiblí le déanaí go bhfuil radaíocht ultraivialait ó leapacha gréine thar a bheith díobhálach.
Agus dúirt siad go bhfuil siad charcanaigin, de réir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) agus ag an gCoimisiún Eorpach.
Bíonn suas le 11,500 duine diagnóisithe le hailse chraicinn in Éirinn gach bliain, rud a fhágann gur í seo an ailse is coitianta sa tír. Táthar ag tuar go mbeidh an líon sin dúbailte faoi 2040.
Fuair Costelloe a chéad diagnóis i 2016 nuair a thug cara faoi deara ball dobhráin (mole) ar a droim.
Ba mheileanóma céim a haon í agus baineadh amach í go rathúil. Ach cúig bliana ina dhiaidh sin, tháinig an ailse ar ais agus bhí sí tar éis scaipeadh.
‘Bhaineas úsáid as leapacha gréine agus chaith mé blianta ag luí faoin ngrian le dath a fháil le breathnú sláintiúil,’ a dúirt sí.
‘Ach, go fírinneach, níl aon sláinte ionam anois. Bhínn ag rothaíocht ar feadh uaireanta gan aon sú gréine agus níor smaoinigh mé ar an dochar a bhí á dhéanamh agam dom féin.’
Tá a chéad scanadh glan faighte aici le déanaí, ach tá sí fós ag maireachtáil leis na fo-iarsmaí ón ngalar agus ón gcóireáil.
Tá sí ag iarraidh ar dhaoine aon athrú ar an gcraiceann nó ar bhaill dobhráin a chur faoi bhráid dochtúra láithreach.
‘Ceapann daoine nach bhfuil ailse chraicinn tromchúiseach,’ a dúirt sí. ‘Ach is féidir leis an mheileanóma filleadh agus scaipeadh, fiú nuair a bhaintear é ón gcraiceann.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.