

Tar éis laethanta saoire an tsamhraidh bíonn imní ar leanaí agus iad ar ais ar scoil – ach is féidir le tuismitheoirí a strus a mhaolú.
Tá a fhios againn gur féidir le roinnt leanaí a bheith buartha faoi dhul ar ais ar scoil, go háirithe tar éis dóibh go leor ama a chaitheamh as an seomra ranga mar gheall ar shaoire an tsamhraidh.
Bíonn páistí áirithe buartha faoi chairde nua a dhéanamh nó imeacht go dtí scoil nua.

B’fhéidir go mbeidh imní ag cuid eile faoi fhilleadh ar an rang arís mar gheall ar fhadhbanna cairdis, faitíos faoi scrúduithe atá le teacht, nó bulaíocht.
Mar sin féin an chomhairle is fearr atá ann do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí ná a rá le leanaí gur gnáth an rud é a bheith imníoch faoi rudaí mar seo, agus nach bhfuil siad ina n-aonar.
Tá go leor rudaí ar féidir le tuismitheoirí agus leanaí araon a dhéanamh chun imní a mhaolú. Áirítear leo:
1. Scríobh amach mothúcháin
Sula dtéann siad ar scoil iarr ar na leanaí scríobh amach gach rud a bhfuil siad ag tnúth leis, agus gach rud a bhfuil imní orthu fúthu. Iarr orthu an liosta a thaispeáint duit ionas gur féidir leat cabhrú leo déileáil lena n-imní agus an taobh dearfach a thaispeáint dóibh.
2. Éist lena n-imní
Má tá imní ar do leanaí tóg am le héisteacht lena bhfuil le rá acu sula dtugann tú comhairle nó do thuairim féin dóibh. Déan iarracht an méid a dúirt siad a athrá le cinntiú go dtuigeann tú a gcuid mothúchán i gceart – cabhróidh sé seo leo a mhothú go bhfuiltear ag éisteacht leo agus ag tacú leo sa bhaile.
3. Déan réitigh phraiticiúla a phlé
Má insíonn do leanbh duit faoina n-imní déan iarracht labhairt leo faoi réitigh phraiticiúla. Mar shampla, má tá imní orthu faoin méid obair bhaile a bheidh acu, d’fhéadfá plé a dhéanamh ar conas é seo a bhriseadh síos. Iarr orthu labhairt leat féin nó lena múinteoir má tá siad faoi bhrú.
4. Tóg go bog é
Beidh gnáthamh (routine) iomlán difriúil i gceist le bheith ar ais ar scoil, agus tá sé
tábhachtach a thuiscint go bhféadfadh go
dtógfaidh sé tamall dul i dtaithí air.
5. Déan rudaí a thaitníonn leo
Nuair a bhíonn na páistí ar ais ar scoil déan rud éigin a thaitníonn leo a dhéanamh gach lá, ar nós am a chaitheamh sa tráthnóna le cairde, ag léamh leabhar nó ag caitheamh ama lena ndeartháir agus deirfiúracha.
6. Labhair le duine fásta iontaofa
Má tá duine óg ag streachailt roimh dhul ar ais, tá sé ríthábhachtach go spreagfar iad chun labhairt le duine fásta sábháilte faoi. Mothóidh siad nach bhfuil siad ina n-aonar agus gheobhaidh siad an tacaíocht a theastaíonn uathu.
7. Bain a n-intinn as a gcuid trioblóidí
Déan iarracht iad a choinneáil ghnóthach ag déanamh rud éigin a mbaineann siad taitneamh as, mar shampla ag imirt peile nó ag éisteacht le ceol. D’fhéadfadh sé seo iad a tharraingt óna n-imní, ar a laghad ar feadh tamaill bhig. Tá sé tábhachtach fanacht i dteagmháil le cairde agus le teaghlach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.