Jack Boylan: Aisteoir gutha ag cur Gaeilge ar TikTok agus na Muppets

26/08/2025

Is aisteoir gutha é Jack Boylan a bhfuil lucht leanúna ollmhór aige ar na meáin shóisialta lena leaganacha Gaeilge ar TikTok, na Muppets agus fiú an Pink Pony Club

Mar gheall ar aisteoirí guthanna (voice actors) mar Jack Boylan, ní rud nua é seónna teilifíse idirnáisiúnta a chloisteáil i nGaeilge. Tá cláir ar nós SpongeBob, Bluey agus South Park á chraoladh i nGaeilge ar feadh i bhfad.

Anois áfach, tá an aisteoir gutha (voice actor) Boylan tar éis aird mhór a tharraingt air féin lena chuid aistriúchán.

Jack Boylan
Jack Boylan

Tá Jack ag obair le breis is deich mbliana mar aisteoir gutha, idir fhógraí agus ghuthanna do chláir mhóra mar Dancing with the Stars.

Ach le déanaí, tá sé tar éis dul mearscaipthe (viral) ar TikTok as aistriúcháin Ghaeilge ar nóiméid chlúiteacha ó scannáin agus seónna teilifíse.

Dúirt Boylan: ‘Rinne mé staidéar ar cheol agus ar amharclannaíocht, agus bhí mé ag obair idir phoist éagsúla.

‘Thart ar dheich mbliana ó shin shocraigh mé ar ghairm an aisteoir gutha i mBaile Átha Cliath. Bhí mé ag seinm pianó i mbialanna freisin go dtí gur bhuail an phaindéim.’

Lean Boylan leis: ‘Déanaim na guthanna do Dancing with the Stars. Ní athraíonn na damhsaí, ach athraíonn na daoine cáiliúla, mar sin ní gá dom ach ainmneacha a thaifeadadh!’

Ar TikTok, tá Jack tar éis cláracha ar nós The Simpsons

agus King of the Hill a chur i nGaeilge, mar aon le hamhráin ar nós Pink Pony Club agus téama na Muppets.

Is í a bhean chéile Iodálach a spreag é chun filleadh ar an nGaeilge mar aisteoir gutha.

‘Chaith mé roinnt blianta ag foghlaim Iodáilise agus thuig mé go bhféadfadh teangacha a bheith suimiúil. Tharraing sé sin ar ais mé chuig an nGaeilge.

‘Bhí mé fiú ar na hOileáin Árann le comhrá a dhéanamh leis na muintir áitiúil.’

An inspioráid don chéad fhíseán? An líne cháiliúil ó Futurama: ’Shut up and take my money!’ a rinne sé i nGaeilge mar: ’Éist do bhéil agus tóg mo chuid airgid!’

Tá os cionn 40,000 ‘likes’ bailithe aige ar TikTok anois, cé go mbíonn roinnt daoine diúltach leis.

‘Nuair a rinne mé ‘Club Capaillín Bándearg’, dúirt duine amháin gurbh é ‘an rud is measa ar an Idirlíon é’. Bhí sé greannmhar go maith dom!’

Dar le Boylan, is cosúil leis an gceol an obair seo.

jackboylan 2
Jack ag déanamh na Muppets

‘Nuair a bhíonn tú ag foghlaim ceoil, ní bhíonn fonn ort scálaí a chleachtadh an t-am ar fad. Uaireanta níl uait ach na trí chord chun an t-amhrán is maith leat a sheinm. Sin mar atá sé domsa leis na haistriúcháin.’

Tá TG4 fiú tar éis a chuid oibre a roinnt ar na meáin shóisialta, cé nár thosaigh aon chomhoibriú fós. Ach is léir go bhfuil Jack sásta an doras a choinneáil ar oscailt.

Is féidir leat a chuid físeán a fheiceáil ar TikTok: @JackBoylanVO


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram