‘You’re fired!’ a deir Trump, ach níl Lisa Cook, atá sa ‘Fed’ ag glacadh le sin

Tá Trump ag iarraidh Lisa Cook, an chéad bhean Mheiriceánach Afracach ar bhord an ‘Fed’, a dhífhostú, ach tá sí réidh don dúshlán

D’fhógair Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, go bhfuil sé ag cur Lisa Cook, ball de Bhord an Federal Reserve (an banc lárnach), as a post láithreach.

Tá an gníomh seo thar a bheith conspóideach agus is céim mhór é i gcoimhlint leanúnach Trump leis an mbanc lárnach.

Cheap iaruachtarán Joe Biden í i 2022, agus is í an chéad bhean Mheiriceánach Afracach ar an mBord
Cheap iaruachtarán Joe Biden í i 2022, agus is í an chéad bhean Mheiriceánach Afracach ar an mBord

Deir Trump go bhfuil ‘cúis láidir’ ann le creidiúint gur thug Cook eolas bréige i ndoiciméid mhorgáiste.

Níor thug sé aon fhianaise air seo, áfach, agus creidtear go bhfuil sé ag iarraidh fáil réidh léi ionas gur féidir leis duine is mian leis a chur ina post.

Maíonn sé freisin go dtugann an Bunreacht cumhacht dó ball den bhord a bhaint.

Dhiúltaigh sí le sin. Deir sí nach bhfuil aon údarás ag an uachtarán í a chur as oifig, agus go leanfaidh sí lena post.

‘Ní ghlacfaimid leis seo,’ a dúirt a dlíodóir Abbe David Lowell. ‘Rachaimid i ngleic leis i ngach bealach dlíthiúil chun an iarracht mhídhleathach seo a stopadh.’

Ní raibh a leithéid riamh ann go dtí seo – ball den bhord lárnach curtha as oifig ag uachtarán.

Tagann sé seo in am nuair atá Trump ag cur brú mór ar an mbanc, agus go háirithe ar a chathaoirleach Jerome Powell, mar nach bhfuil siad ag ísliú rátaí úis chomh tapaidh agus is mian leis.


Cathaoirleach an 'Fed' Jerome Powell agus Lisa Cook
Cathaoirleach an ‘Fed’ Jerome Powell agus Lisa Cook

Is duine de sheachtar rialtóir ar an mbord í Cook.

Tá sí freisin ar an gcoiste 12 bhall a shocraíonn rátaí úis na tíre.

Cheap iaruachtarán Joe Biden í i 2022, agus is í an chéad bhean Mheiriceánach Afracach ar an mBord.

Le déanaí, vótáil sí le Powell agus leis an gcuid eile chun na rátaí úis a choinneáil sheasmhach.

Tá Trump ag iarraidh rátaí níos ísle chun buntáiste eacnamaíoch a bhaint amach dá uachtaránacht, ach d’fhéadfadh sé sin an iomarca airgid a chur isteach sa gheilleagar, rud a d’fhéadfadh boilsciú a bheith mar thoradh air, le fadhbanna don gheilleagar níos déanaí.

Má éiríonn leis Cook a bhaint as a post, d’fhéadfadh sé duine eile níos fabhraí dá pholasaí féin a cheapadh. Bheadh tionchar aige sin ar iasachtaí do ghnáthmhuintir agus ar rátaí coigiltis sna bainc.

Tá roinnt saineolaithe ag rá anois go mbeidh dúshláin mhóra dlí ann.

Tá Trump ag iarraidh a dhuine féin a chur ar an mbord
Tá Trump ag iarraidh a dhuine féin a chur ar an mbord

Beidh an Teach Bán in ann an cinneadh a chosaint má léirítear cúis láidir agus cruinn. Murach sin, bheadh sé ina ionsaí ar neamhspleáchas an bhainc lárnaigh.

I ráiteas, dúirt Cook: ‘Rinne an t-uachtarán iarracht mise a chur as oifig “ar chúis”, ach níl aon bhunús dlí leis. Leanfaidh mé orm ag déanamh mo chuid oibre mar atáim ó 2022.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram