

Tá Séamus i mbéal an phobail as a cháilíochtaí agus éachtaí acadúla, ach is beag duine a bhfuil aithne aige nó aici ar an taobh níos éadroime dá saothar – mar shampla, tá Asarlaí Oz, aistriúchán ar The Wonderful Wizard of Oz, i measc a shaothar aistrithe.
Tá aithne ag saol na Gaeilge ar Shéamus as a shaineolas agus a chomhairleoireacht teanga, go háirithe i réimse an aistriúcháin, na gramadaí agus na comhréire.

Bhí Séamus ina chomhordaitheoir, le roinnt blianta anuas freisin, ar an Ionad Barr Feabhais i gcomhair Gairmeacha san AE, aonán a fhéachann le gairmeacha an aistriúcháin, na hateangaireachta agus na dlítheangeolaíochta a fhorbairt agus a chur chun cinn, go háirithe chun fostaithe ardoilte a chur ar fáil do phoist san Aontas Eorpach.
Bhí sé i measc an chéad chohóirt a bhain an Séala Aistriúcháin amach agus tá sé ar dhuine den ochtar a bhain an Séala Eagarthóireachta amach.
Is aistritheoir bisiúil liteartha é, chomh maith, agus tá roinnt saothar aistriúcháin litríochta dá chuid i gcló – Asarlaí Oz (2019), ar ndóigh, agus An Fear Nárbh Fhéidir a Fheiscint (2020) ina measc.
Chomhbhunaigh Séamus, agus reáchtálann sé an suíomh aistriulitriochta.ie, áis a fhéachann le gach eolas faoin aistriú litríochta ó/go Gaeilge a chur ar fáil.
Is as Áth an tSléibhe in Iarthar Luimnigh ó dhúchas do Shéamus.
Bhain sé céim bhaitsiléara (Gaeilge agus Matamaitic) agus céim mháistreachta sa Ghaeilge amach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, tráth ar bhunaigh sé dlúthnasc le Baile an Chnocáin agus leis an gCuas i gCorca Dhuibhne, mar ar chuir sé barr feabhais ar a chuid Gaeilge.
D’oibrigh Séamus le hIonad na Gaeilge Labhartha, UCC, agus le Europus ar an gCeathrú Rua sular thosaigh sé ag obair le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe cúig bliana is fiche ó shin ina aistritheoir agus ina léachtóir le haistriúchán.
Le roinnt blianta anuas bhí sé ina Cheann Disciplín ar an Aonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta in Ollscoil na Gaillimhe.
Tá eolas nach beag ag Séamus ar an reachtaíocht teanga agus ar a cur i bhfeidhm agus taithí scór bliain go leith ar an mbainistíocht eagraíochtúil agus airgeadais, ar an bpleanáil straitéiseach agus ar an scríbhneoireacht theicniúil agus anailíseach.
Tagann Séamus i gcomharbacht ar Shéamas Ó Concheanainn mar Stiúrthóir na hOifige, a ceapadh ina Choimisinéir Teanga i mí na Nollag 2023.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.