

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i mBéal Feirste an bhliain seo chugainn, agus beidh go leor oibre le déanamh ag eagraithe ceoil na cathrach chun teacht leis an méid a bhí againn i Loch Garman.
Bhí ceoltóir óg amháin, Séamie Seán Ó Braonáin, mar réalta na féile – i Loch Garman agus ar fud na meán sóisialta. Beidh tuilleadh faoi Séamie Seán níos déanaí.
Mheall Fleadh 2025 níos mó ná 800,000 duine go Loch Garman, ach níl ansin ach líon beag i gcomparáid le líon na ndaoine a bhain taitneamh as an gceol agus na scéalta iontacha a tháinig ón bhféile, agus a thaistil an domhan ar na meáin shóisialta.

Mar shampla bhí breis is 3.8 milliún amharc ar na físeáin agus poist a bhí ar fáil ar na meáin shóisialta le @TG4TV, @TradTG4, agus @Cúla4, leis an haischlib #Fleadh25.
Tá an glanadh fós ar siúl i Loch Garman agus tá daoine agus gnólachtaí áitiúla ag iarraidh filleadh ar an ngnáthshaol – ach beidh siad sásta.
De réir na meastachán, thug na féilte €60 milliún breise isteach i gContae Loch Garman.
Seo roinnt figiúirí:
Cuireadh sceideal breá ceoltóirí as Éirinn agus níos faide ar na stáitsí freisin, ina measc Seán Keane, Kíla le Prás, Iarla Ó Lionáird, Altan, Daniel O’Donnell, Paddy Keenan, Máirtín O’Connor Band, Séamus & Caoimhe, Dermot Byrne, Chasing Abbey, Gearóid McCarthy, The Rising, Damien Mullane & the Laads, Caoimhín Ó Raghallaigh & Mick O’Brien, Beartla Ó Flatharta Céilí Band, The Kabin Crew, agus neart eile.
Ba é Glór na dTonn Céilí Band ó CCÉ Scoil Acla, i Maigh Eo, a thug leis an chéad áit i gComórtas mór le rá Bhannaí Céilí na Sinsear.

Agus cé go raibh na sráideanna i Loch Garman plódaithe agus beo brí ag Fleadh Cheoil na bliana seo, bhí buachaill óg amháin ag tarraingt na súl agus na gcluas ar fad — Séamie Seán Ó Braonáin.
Leis an bhfidil dhílis ina lámh agus gáire mór ar a aghaidh, bhí ceol Séamie ag scaipeadh tríd an aer amhail is gur scéal ó chroí a bhí á insint aige.
Tháinig sluaite thart air, ag bualadh bos agus ag éisteacht go ciúin leis gach áit ar sheinn sé.
Tháinig clú níos mó air nuair a roinn TG4 físeán dá sheinm shráide ar líne — agus scaipeadh é go tapa ar fud an domhain.
Agus tá scéal Séamie féin chomh binn leis an gceol atá aige.
Mhínigh sé in agallamh gairid taobh thiar den stáitse, le láithreoir TG4 Aoife Ní Thuairisg, go raibh sé i Loch Garman mar dúirt a mháthair leis go bhféadfadh sé buscáil — agus go raibh sé ag iarraidh airgead a chur i leataobh le haghaidh culaith nua.
Ina dhiaidh sin, thug sé curfá den amhrán The Nightingale a chuir aoibhneas ar lucht féachana i bhfad i gcéin.
Cúpla lá ina dhiaidh sin, bhuail foireann TG4 leis arís ar shráideanna an bhaile, áit ar sheinn sé The Parting Glass le paisean agus le croí.
Le sin bhí Séamie Séan, atá sé bliana d’aois, agus as Scoil Náisiúnta na Craobhaí i Ros Neamhlach, Co. Dhún na nGall ar fud na meáin shóisialta ag an Fleadh.
Bhí os cionn 620,000 amharc faighte ag a mhír ar TikTok agus Instagram, ag deireadh na féile, agus Instagram agus tá na huimhreacha sin fós ag ardú.
Is mac le Seanan Brennan ón mbanna ceoil Kíla agus leis an gceoltóir/aisteoir Fiona Maria Fitzpatrick, é Séamie Séan agus tá sé tumtha sa gceol ón lá a rugadh é.

Beidh sé ag dul isteach sna Naíonáin Mhóra go luath agus tá eolas ag daoine cheana féin air mar gheall ar na cultacha breátha a bhíonn air.
Cruthaíodh an mhír, a scaip go mear, nuair a d’fhiafraigh Aoife Ní Thuairisg air teacht ar stáitse fad is a bhí sé ag fanacht lena athair a fheiceáil ag ceol.
Tharraing an físeán aird Kayleigh Trappe a rinne a mír féin do Séamie Seán ag an Fleadh.
Tá ‘Réalta na Fleidhe’ baiste cheana féin ag an lucht spéise ar Shéamie Seán, agus is fada leo go bhfeicfidh siad tuilleadh ón siamsóir óg seo.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.