Deis do pháistí bunscoile a leabhar féin a scríobh

Tugann Scríobh Leabhar deis do pháistí bunscoile a gcuid leabhar féin a scríobh, a dhearadh, agus a fhoilsiú as Gaeilge

Tá an tionscadal Scríobh Leabhar ag tabhairt deis do dhaltaí bunscoile a gcuid leabhar féin a scríobh as Gaeilge.

Ach ní amháin sin. Beidh siad in ann é a dhearadh agus a fhoilsiú freisin.

Cuireann an tionscadal léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge chun cinn i measc daoine óga.

Faigheann gach páiste a ghlacann páirt i Scríobh Leabhar teastas agus duais
Faigheann gach páiste a ghlacann páirt i Scríobh Leabhar teastas agus duais

Déanann na páistí a gcuid leabhar féin a scríobh, a mhaisiú agus a cheangal faoi threoir a múinteoirí agus cuireann an tionscadal an-bhéim ar an bpróiseas scríbhneoireachta féin.

Tá an tionscadal an-solúbtha, is féidir le gach páiste sa rang a leabhar féin a scríobh, nó obair lena chéile i ngrúpaí, nó is féidir leis an rang ar fad leabhar a scríobh.

Faigheann gach páiste a ghlacann páirt i Scríobh Leabhar teastas agus duais.

Beidh fáilte roimh iarratais ó ionaid oideachais ar spéis leo an tionscadal a reáchtáil le bunscoileanna ina gceantar féin i gcomhpháirt le Clár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge.

Is tionscadal é Scríobh Leabhar atá urraithe ag Clár na Leabhar Gaeilge. Reáchtáiltear an tionscadal i gcomhpháirt le hionaid oideachais éagsúla ar fud na hÉireann.

Beidh an spriocdháta ag 1pm Dé Máirt, 30 Meán Fómhair.

Teagmháil: leabhar@forasnagaeilge.ie


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram