

Tá an lánúin cháiliúil Hollywood, Catherine Zeta-Jones agus Michael Douglas, an-tugtha d’Éirinn le fada.
Anois, tá siad tar éis a nochtadh go bhfuil áit ar leith acu a dtugann siad cuairt uirthi go minic – Adare Manor i gContae Luimnigh.

Chaith Catherine leathbhliain in Éirinn i 2024 agus í ag scannánú an tsraith Wednesday i stiúideonna Ashford i gCill Mhantáin.
Thug an léiriúchán í timpeall na tíre, le suímh ag Coláiste na Tríonóide, Charleville Castle (Co. Uíbh Fhailí), Coláiste Chluain Life i mBaile Átha Cliath agus Eastát Powerscourt.
Bhí deis aici Éire a fheiceáil mar a bheadh duine den áit inti. D’inis sí don Irish Independent: ‘Tháinig mo fhear chéile trasna, agus chuamar ag imirt gailf ar chósta thiar na tíre.
‘Tá Adare Manor ar cheann dár n-áiteanna is fearr le dul ar saoire dheas deireadh seachtaine. Bhí sé go hálainn ann,’ a dúirt sí.
Ach ní hamháin Luimneach a chuaigh i gcion orthu. Luaigh Catherine freisin gur thug sí cuairt ar Chorcaigh – áit a raibh a muintir féin.
‘Chuamar go Corcaigh, mar is ann a tháinig mo mhuintir ó dhúchas. Bhí sé fíorspéisiúil domsa a bheith ann,’ a dúirt sí.
Tá fréamhacha Éireannacha ag Catherine – cé gur rugadh í sa Bhreatain Bheag, bhí a seanmháthair, Catherine O’Callaghan, de shliocht na hÉireann.
‘B’Éireannach í mo sheanmháthair, agus is í m’aingeal beag í, a bhíonn liom i gcónaí,’ a dúirt sí go croíúil.
Le linn di a bheith ag obair in Éirinn, tháinig Michael ar cuairt uirthi, agus mar a dúirt sí féin: ‘Tá sé ar cheann dár n-áiteanna is fearr ar domhan.’
Ní raibh Michael ina aonar mar chuairteoir, áfach – tháinig tuismitheoirí Catherine óna mbaile sa Bhreatain Bheag freisin.
‘Bhíos gar do mo bhaile féin, agus tháinig mo thuismitheoirí trasna. Is breá leo Éire,’ a dúirt sí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.