Tá an bhean bhréige seo ag cur brú ar chailíní óga… de bharr IS

‘Tá caighdeáin áilleachta á gcruthú cheana féin ag IS. Tá cailíní óga ag dul faoi scian…’

Le craiceann foirfe agus coirp gan locht, d’fhéadfá a cheapadh go raibh an múnla áille seo rómhaith le bheith fíor. Agus bheadh an ceart agat — mar is íomhá bhréige í, cruthaithe ag intleacht shaorga (IS nó ‘AI’ i mBéarla).

Mar sin féin, tá cáineadh déanta ar úsáid samhlacha AI a léiríonn an ‘bhean foirfe’, rud a chuireann brú ar mhná agus ar chailíní óga breathnú mar an gcéanna.

Cuireadh an milleán ar íomhánna den sórt sin cheana féin as neamhord itheacháin agus imní i measc cailíní óga.

Cruthaíodh bean dhonn agus bean fionn ag teicneolaíocht IS (AI) do chomhlacht faisin a chuir fógraí i Vogue.

Is í seo an chéad uair riamh a bhfuil mainicín IS le feiceáil i  Vogue clóite i Meiriceá.

Ach tá go leor léirmheastóirí ag rá go gcuirfidh an chéim seo brú breise ar mhná cloí le caighdeáin áilleachta atá dodhéanta.

Pictiúr: Seraphinne Vallora/Instagram (Mainicín IS, AI)
Pictiúr: Seraphinne Vallora/Instagram (Mainicín IS, AI)

I leagan Meiriceá de Vogue don mhí Lúnasa, tá fógra le feiceáil ó Guess ina bhfuil bean fhionn álainn — mainicín a chruthaigh IS — ag caitheamh éadaí aonphíosa bláthanna agus gúna stríocach fada.

Cé nár roghnaigh foireann eagarthóireachta Vogue an fógra, tá imní ann go bhféadfadh úsáid IS cur le meath ar róil mhúnlaí fíor i dtionscal na faisin.

Ní gá faoi láthair, ó thaobh dlí de, go mbeadh sé soiléir go bhfuil íomhá cruthaithe ag IS — rud a chuireann leis an imní.

Sa chló bheag, áfach, luaigh an iris go ciúin nach raibh an íomhá fhíor.

Athrú dochrach nó dul chun cinn?

Dúirt Sinéad Bovell, iar mhainicín a scríobh roimhe seo do Vogue faoi na rioscaí a bhaineann le IS, gur cinneadh ‘mífhreagrach’ a bhí ann.

Tá sí anois ina fiontraí teicneolaíochta, agus dúirt sí: ‘Tá caighdeáin áilleachta á gcruthú cheana féin ag IS. Tá cailíní óga ag dul faoi scian chun a bheith cosúil le híomhánna scagtha — agus anois táimid ag feiceáil daoine atá bréige ar fad.’

D’aontaigh Felicity Hayward, mainicín mhóide-mhéide (plus-sized model), gur bagairt atá anseo ar na daoine a oibríonn sa tionscal faisin.

 ‘Tá Guess á dhéanamh le poiblíocht a mhealladh saor in aisce, nó tá siad ag iarraidh costais a laghdú gan machnamh a dhéanamh ar na hiarmhairtí,’ a dúirt sí.

Dúirt sí freisin gur ‘uafásach agus scanrúil’ a bhí sé don dream atá ag iarraidh níos mó éagsúlachta a fheiceáil sa mhargadh faisin.

Mainicin IS 3
Pictiúr: Seraphinne Vallora/Instagram

Tionchar ar shláinte mheabhrach

Dúirt Vanessa Longley, príomhoifigeach an charthanais Beat (a oibríonn le neamhord itheacháin), go raibh an fógra ‘buartha’.

‘Má fheiceann daoine íomhánna de choirp atá neamhréalaíoch, is féidir leis sin cur isteach ar a dtuairimí faoina gcoirp féin. Méadaíonn drochíomhá choirp an baol go bhforbróidh duine neamhord itheacháin,’ a dúirt sí.

D’iarr Guess ar ghníomhaireacht IS darb ainm Seraphinne Vallora — a bhunaigh Valentina Gonzalez agus Andreea Petrescu — samhlacha éagsúla a chruthú don fheachtas.

Sa deireadh, roghnaíodh bean fhionn a caitheadh sa bhfógra, agus bean dhonn eile i ngúna bán samhraidh ghearr.

Tá na dearthóirí lonnaithe i Londain anois ag seasamh lena saothar.

Mainicin IS 4
Pictiúr:Seraphinne Vallora/Instagram

Dúirt Bean Petrescu agus Gonzalez: ‘Nílimid ag cruthú cuma atá dodhéanta. Féachann an mhainicín Guess go réalaíoch. Bíonn fógraí i gcónaí foirfe — le sármhainicín (supermodel) de ghnáth — mar sin níl an difríocht mhór.

‘Chuireamar íomhánna IS suas le toin éagsúla craicinn, ach ní fhaighimid freagra uathu — gan aon suim ná ‘likes’. Ag deireadh an lae, is gnó sinn agus úsáidimid íomhánna a spreagann comhrá agus a mheallann cliaint.’

Tá obair na gníomhaireachta le feiceáil i Harper’s Bazaar, Elle, agus ar na meáin shóisialta.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram