Aire McEntee ag moladh cláir samhraidh sna scoileanna

Tá timpeall 1,800 scoil ag glacadh páirte i gclár samhraidh i mbliana, a dúirt an tAire Oideachais Helen McEntee, le páistí ag foghlaim litearthachta, uimhearthachta, agus fiú conas bácáil a dhéanamh

Ta an tAire Oideachas Helen McEntee ag tabhairt moladh de chlár samhraidh sna scoileanna atá dírithe ar pháistí, lena n-áirítear iad siúd le riachtanais speisialta.

Tá timpeall 1,800 scoil ag glacadh páirte sa chlár i mbliana, lena n-áirítear 80 scoil speisialta – méadú 16% ar an mbliain seo caite.

Aire McEntee
Aire McEntee

Bhí an tAire ar chuairt chuig ceann de na scoileanna sin, Scoil Náisiúnta Naomh Muire Sóisearach i gCluain Dolcáin ((St Mary’s Junior National School, Clondalkin), áit a raibh páistí  ag foghlaim litearthachta, uimhearthachta, agus fiú conas bácáil a dhéanamh mar chuid den chlár samhraidh.

Dúirt an tAire McEntee gur thosaigh an clár ‘le béim ar oideachas speisialta.’

Dúirt sí: ‘Tá sé thar a bheith tábhachtach do pháistí le riachtanais bhreise go mbeadh struchtúr agus fócas acu i rith an tsamhraidh.

‘Sílim gur admhaíodh go bhfuil an tacaíocht bhreise thar a bheith tairbheach, ní hamháin do na daltaí ach do na tuismitheoirí freisin.’

Sa bhunscoil i gCluain Dolcáin tá na páistí ag glacadh páirte i gclár samhraidh dhá sheachtain ar fhad.

Dúirt an tAire: ‘Tá mé i scoil ina bhfuil príomhoidí, múinteoirí agus cúntóirí speisialta ag obair agus ag tacú le páistí le linn an tsamhraidh.’

Dúirt an tAire freisin go bhfuil níos mó múinteoirí ag obair i rith an tsamhraidh, go háirithe i meánscoileanna.

‘Tá siad ag filleadh níos luaithe anois – sa mhí Lúnasa. Beidh torthaí na hArdteistiméireachta ar fáil ón 22ú Lúnasa, agus beidh mic léinn ar ais sa tseachtain chéanna. Fillfidh formhór na scoileanna an tseachtain ina dhiaidh sin,’ a dúirt sí.

‘Bíonn múinteoirí ag obair go dian. Bíonn na scoileanna gnóthach ar feadh na bliana, agus sílim go dtugann an samhradh deis don phobal ar fad sos a ghlacadh,’ adúirt an tAire.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram