

Tar éis chraobh pheile na bhfear an deireadh seachtaine seo caite, tá súile an phobail ar Pháirc an Chrócaigh arís mar a rachaidh an Mhí i ngleic le Baile Átha Cliath i gCraobh Shinsearach na mBan LGFA an Domhnach seo.
Ach fiú mura bhfuil suim agat sa pheil, beidh neart imeachtaí ar siúl ar fud na tíre don deireadh seachtaine bainc seo.
Seo chugat roinnt moltaí do theaghlaigh atá ag lorg spraoi agus eachtraíocht i rith na saoire:
Lá Spraoi Teaghlaigh i Skypark
An Lú, Dé Domhnaigh

Beidh Lá Spraoi Teaghlaigh ar siúl i Skypark, Cairlinn (Carlingford), le marcaíocht ar chapaillíní, ceol beo, samhaltú balún (balloon modelling) agus maisiú aghaidhe ó 1pm go 4pm. Tá na gníomhaíochtaí seo saor in aisce le haon phas gníomhaíochta Skypark – iontach do theaghlaigh atá ag iarraidh níos mó eachtraíochta a chur lena lá.
Lá Teaghlaigh i Farmleigh
Baile Átha Cliath, Dé Domhnaigh
Beidh lá saor teaghlaigh lán le leabhair, scéalta agus cruthaitheacht ar siúl i Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce. Tabharfaidh Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath scríbhneoirí, maisitheoirí agus taibheoirí le chéile do lá lán le spraoi faoin aer – le léamha, ceardlanna, seónna puipéad agus ceol beo.
Féile Dhaingean
Ciarraí, Dé hAoine – Dé Luain
Filleann Féile Dhaingean don deireadh seachtaine bainc agus beidh neart imeachtaí ar siúl timpeall na háite: ó cheiliúradh na bpáistí sa pháirc shúgartha Dé Sathairn go dtí Rás Mall Rothar, Paráid ‘ Mini Maroons’ Dé Domhnaigh, agus Taispeántas na Madraí agus Rás an Lacha Dé Luain.
Taispeántas Aeir Bhré
Bré, Cill Mhantáin, Dé Sathairn

Is féile aeriompair iontach í Taispeántas Aeir Bhré le taispeántais aeir a chuirfidh iontas ort. Tá neart siamsaíochta, spraoi agus áthas cois farraige – iontach don teaghlach ar fad.
Féile Rós An Chaisleán Riabhach (Castlerea)
An Caisleán Riabhach, Ros Comáin, Dé hAoine – Dé Domhnaigh
Críochnaíonn Féile Rós Chaisleán Riabhach le trí lá le go leor gníomhaíochta. Ó thóraíocht taisce (treasure hunt) agus ceardlanna ealaíne go rásaí capaillíní, ceol beo, taispeántais tine ealaíne agus lá mór teaghlaigh Dé Domhnaigh – beidh rud éigin ann do gach duine.
Spraoi Phort Láirge
Port Láirge, Dé hAoine – Dé Domhnaigh
Filleann Spraoi ar Phort Láirge don deireadh seachtaine bainc – féile amharclannaíochta sráide agus ceoil den scoth. Beidh paráid mhór Dé Domhnaigh ag 9.30pm, agus críoch mhór le tinte ealaíne os cionn na Siúire.
‘Steam Rally’ An Sráidbhaile (Stradbally)
Laois, Dé Domhnaigh – Dé Luain

Tabhair cuairt ar an ‘Steam Rally’ An Sráidbhaile (Stradbally) agus féach ar innealta gaile agus gluaisteáin sheanda ag obair. Tá ceardlanna traidisiúnta, siamsaíocht agus bia ar fáil – oiriúnach do pháistí fiosracha agus teaghlach atá ag iarraidh lá difriúil.
Féile Spraoi Chill Mhichíl
An Clár, Dé hAoine – Dé Luain

Beidh neart gáire agus gníomhaíochtaí i gCill Mhichíl le cluichí, ceardlanna agus seónna. Féile pobail atá ann atá dírithe ar shonas agus cuimhní sona a chruthú do chách.
Féile ‘Mary from Dungloe’
An Clochán Liath, Dún na nGall, Dé Luain
Sa 58ú bliain di, tabharfaidh Féile Mary from Dungloe ceol, cultúr agus spraoi go Dún na nGall. Beidh ceardlanna, paráidí, seónna agus an Cabaret Corónaithe ar siúl – rud do gach aoisghrúpa.
Seachtain Seanré (vintage) agus Ealaíne Bhiorra (Birr)
Biorra (Birr), Uíbh Fhailí, Go dtí Dé Sathairn, 9 Lúnasa
Tosaíonn an deireadh seachtaine seo le ceardlanna, damhsa, seónna sráide, oícheanta ceoil agus Lá Spraoi Teaghlaigh sa Chlub Rugbaí. Dé Domhnaigh beidh paráid seanré agus tinte ealaíne – tús iontach le seachtain lán de spraoi teaghlaigh.
Má tá tú ag lorg níos mó smaointe don deireadh seachtain, féach ar YourDaysOut.com.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.