

Creideann Dáithí Ó Sé go bhfuil muintir na hÉireann ag éirí níos fearr ag úsáid uachtar gréine, ach go bhfuil i bhfad níos mó le déanamh fós.
Ag labhairt dó le ExtraG.ie, dúirt sé, le gáire, go raibh daoine ag tabhairt ola linbh leo ar laethanta saoire cúpla bliain ó shin, rud a bhí ‘gnáth go leor,’ ach gur rud atá beagnach imithe anois.

Dúirt sé gur thosnaigh sé ag úsáid fachtóir 50 gach lá ó bhí scanradh air faoi ailse dhá bhliain ó shin.
‘Ní théim amach ar bith anois gan fachtóir 50 orm, fiú i rith an gheimhridh,’ a deir Dáithí.
‘Tá daoine ag dul i dtaithí air,’ a dúirt sé, ‘ach tá tuilleadh athraithe fós ag teastáil. Má fhéachann tú siar deich mbliana, ní raibh aon duine ag caint faoi.
‘Bhíodh daoine ag dul ar laethanta saoire le hola linbh – a Thiarna! Ach anois, tá an dearcadh ag athrú.’
Dúirt sé gur fiú an cúpla soicind a thógann sé an t-uachtar gréine a chur ort.
‘Fiú má tá scamall ar an spéir nó má táim sa ghluaisteán, bím ag úsáid fachtóir 50 ar maidin agus arís tráthnóna – fiú ar chúl mo láimhe agus mé ag tiomáint,’ a dúirt Dáithí.
D’inis sé gur thug sé faoi deara meall beag ar a mhala (eyebrow) cúpla bliain ó shin, ach níor thug sé mórán airde air. Cheap sé gur gruaig faoi chraiceann a bhí ann, ach i 2023, dúradh leis gur ailse áitiúil a bhí ann.

‘Cheapas go ndéanfadh an speisialtóir reo air nó go dtabharfadh sí uachtar dom. Ach dúirt sí, “Caithfidh sé teacht amach.” Bhí ionadh an domhain orm.’
B’éigean do na dochtúirí gearradh isteach sa mhatán timpeall ar a mhala, rud a d’fhág trí shnáthaid istigh agus sé ar an taobh amuigh.
‘D’fhiafraigh mé di, “Cad ba chúis leis seo?” agus dúirt sí gurbh é an ghrian ó thús deireadh – easpa uachtar gréine.’
Dúirt sé nár thug sé aird cheart air cúpla bliain ó shin
‘Bhínn ag smaoineamh “Níl mé á dhó, tá mé ceart go leor.” Ach níl sé chomh simplí sin,’ a dúirt Dáithí.
D’admhaigh sé nár chaith sé mórán ama ag luí faoin ngrian riamh, ach nuair a bhí sé amuigh, bhíodh sé ag úsáid fachtóir 10 nó 15. Tá sé buartha freisin faoin méid fir óga nach n-úsáideann uachtar gréine.
‘Is ceist oideachais atá ann go minic,’ a dúirt sé.
Tá Dáithí ag tabhairt aire dá shláinte agus é ag ullmhú don Rós Thrá Lí.
‘Ní bheidh aon deoch agam go mbeidh an fhéile thart. Táim ag iarraidh mo chloigeann a choinneáil i riocht maith.’
Le gáire, dúirt sé go mbíonn sé réidh lena chuid cairde a fheiceáil tar éis na féile, ach go mbíonn siad ‘scriosta amach is amach’ i ndiaidh na seachtaine: ‘Bím ag rá leo – “Téigí amach! Tá mise ag fanacht leis seo!’’’
Tá an fhéile féin an-ghar dá chroí. Thosaigh sé ag dul amach lena bhean chéile Rita dhá bhliain i ndiaidh di a bheith ina Rós do New Jersey i 2008, agus tá mac acu anois, Micheál Óg.

Maidir leis an gcáineadh a dhírítear ar an Rós Thrá Lí, deir Dáithí go seasann an fhéile di féin: ‘Deirtear le blianta gur rud seanfhaiseanta í, ach is ceiliúradh í ar mhná na hÉireann – agus cathain a bhíonn sin as dáta? Riamh.’
Creideann sé go léiríonn stair na féile athrú mór i saol na mban in Éirinn agus i measc an diaspóra, agus go bhfuil fonn soiléir fós uirthi ar fud na tíre.
‘Tá daoine ag tosú ag féachaint uirthi mar atá sí i ndáiríre – rud dearfach. Beidh lucht cáinte i gcónaí, ach tá siad i dteideal tuairim a bheith acu freisin.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.