Ar cheart do mhúinteoirí níos mó ama a chaitheamh i scoileanna?

30/07/2025

Tugann an tAire Helen McEntee agus an pobal a dtuairimí faoi cibé an gcaitheann múinteoirí dóthain ama inár scoileanna ag múineadh

Tá deighilt sa phobal faoi cibé ar cheart do mhúinteoirí níos mó ama a chaitheamh sna scoileanna agus a laethanta saoire a ghearradh siar – agus tá an tAire Oideachais Helen McEntee in aghaidh aon athrú.

De réir suirbhé scoileanna a rinne Irish Daily Mail agus Amárach, is dóigh le 46% de na 1,000 duine a ceistíodh gur cheart go mbeadh laethanta saoire samhraidh na múinteoirí ag teacht le laethanta saoire oibrithe eile sa státseirbhís.

An tAire Oideachais Helen McEntee
An tAire Oideachais Helen McEntee

Léirigh 30% go rabhadar in aghaidh an mholta sin, agus dúirt 25% nach rabhadar cinnte faoi.

Tá an tacaíocht is mó le fáil i measc daoine os cionn 35 bliain d’aois – tá 50% de dhaoine idir 35 agus 54 ag iarraidh go laghdófaí na laethanta saoire sin, mar aon le 49% de dhaoine idir 55 agus 64, agus 48% de dhaoine 65 bliain d’aois agus níos sine. Níl ach 36% de dhaoine faoi bhun 35 ag iarraidh an t-athrú céanna.

Tá an tAire Oideachais Helen McEntee tar éis cosaint a dhéanamh ar fhaid laethanta saoire an tsamhraidh sna scoileanna.

Dúirt sí go dtugann an tréimhse sos maith do dhaoine, cé gur admhaigh sí gur dúshlán é do thuismitheoirí atá ag lorg cúram leanaí. Luaigh sí freisin go mbeadh gá le cur chuige cúramach sula ndéanfaí aon athrú ar fhad na bliana scoile.

Táthar ag cur ceist ar cé chomh hoiriúnach is atá saoire trí mhí do mheánscoileanna agus dhá mhí do bhunscoileanna – tréimhsí atá i measc na gceann is faide san Eoraip, le cúpla seachtain anuas

Ag labhairt di agus í ar chuairt ar bhunscoil i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, áit a raibh páistí ag glacadh páirte i gclár samhraidh dhá sheachtain ar fhad, dúirt an tAire: ‘Tá mé i scoil ina bhfuil príomhoidí, múinteoirí agus cúntóirí speisialta ag obair agus ag tacú le páistí le linn an tsamhraidh.’

Bíonn na scoileanna gnóthach ar feadh na bliana
Bíonn na scoileanna gnóthach ar feadh na bliana

‘Go háirithe i meánscoileanna, tá siad ag filleadh níos luaithe anois – sa mhí Lúnasa. Beidh torthaí na hArdteistiméireachta ar fáil ón 22ú Lúnasa, agus beidh mic léinn ar ais sa tseachtain chéanna. Fillfidh formhór na scoileanna an tseachtain ina dhiaidh sin.’

‘Bíonn múinteoirí ag obair go dian. Bíonn na scoileanna gnóthach ar feadh na bliana, agus sílim go dtugann an samhradh deis don phobal ar fad sos a ghlacadh.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram