

Tá cáineadh déanta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta nua, a foilsíodh an tseachtain seo, mar gheall ar an neamhaird atá léirithe ann don Ghaeilge agus do cheantair Ghaeltachta araon.
Agus thug Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le fios: ‘Ní luaitear fiú an “Ghaeltacht” i dteideal na Roinne.’

Sé sin in ionad ‘Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta’ a bheith ann tá ‘Rural & Community Development’.
In ainneoin na ngealltanas go léir faoi fhorbairt tithíochta sna ceantair Ghaeltachta, feabhsuithe ar Údarás na Gaeltachta agus tacaíochtaí teanga, níor luadh iad sa phlean.
Is minic a labhair Airí Rialtais ar nós Jack Chambers, Dara Calleary, Darragh O’Brien agus fiú an Taoiseach Micheál Martin leis na meáin chumarsáide Gaeilge faoi na hábhair seo, mar sin, cén fáth a ndéanann an plean €275.4 billiún neamhaird ar ár dteanga náisiúnta.
Dúirt Conor McGuinness, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, nach luaitear an Ghaeltacht fiú uair amháin ann.
Dúirt sé gur easnamh suntasach é sin a léiríonn an fhaillí leanúnach atá á déanamh ar phobail na Gaeilge i bpleanáil chaipitil náisiúnta.
Tá McGuinness mar urlabhraí de chuid Shinn Féin ar Chúrsaí Tuaithe, Forbairt Pobail agus an Ghaeltacht.
Dúirt sé: ‘Ní fheictear an focal Gaeltacht fiú uair amháin. Níl aon tagairt ann do thithíocht Ghaeltachta, níl aon phleananna caipitil ann chun tacú le pleanáil teanga, agus níl aon trácht ar Údarás na Gaeltachta.
‘Is léir nach bhfuil an Ghaeltacht mar ábhar nó áit, i súile an Rialtais.’
Luaigh sé freisin nach raibh an Ghaeltacht san áireamh in ainm na roinne nuair a foilsíodh an plean.
‘Tá ainm mícheart tugtha ar an Roinn féin ar fud na tuarascála fiú – tugtar ‘An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail’ uirthi arís agus arís eile, gan trácht ar a freagracht reachtúil as an nGaeltacht,’ a dúirt sé.
‘Is neamhaird soiléir atá ansin. Léiríonn sé cultúr níos leithne atá ag an Rialtas, gan tosaíocht a thabhairt don Ghaeilge ná do mhuintir na Gaeltachta.’
Agus é ag caint faoin bplean, dúirt an tUasal de Spáinn: ‘Is mór an náire é agus easpa measa é. Tuigimid nach bhfuil mórán sonraí faoi rudaí ar leith tugtha ach tá an Ghaeilge agus an Ghaeltacht fágtha ar lár ar fad,’ a dúirt sé de réir tuairisc.ie.

‘Bheadh tú ag súil go mbeadh dóthain tábhachta ag baint leis an teanga go mbeadh mír ar a laghad ann – faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, faoi phleanáil teanga, faoi na hionaid nua Gaeilge atá geallta.
‘Ina áit sin ní luaitear fiú an Ghaeltacht i dteideal na Roinne [Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta]. Ní luaitear fiú na rudaí a bhí geallta sa phlean forbartha a foilsíodh i 2021.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.