Sa chathair don chluiche? Raidió na Gaeltachta ag Pipers Corner le ceol agus craic

25/07/2025

Beidh ceol agus craic sa Piper’s Corner i mBaile Átha Cliath, le Raidió na Gaeltachta ag ullmhú do chluiche ceannais na hÉireann

Raidió na Gaeltachta sa chathair: Bíonn Jimmy ag buachan cluichí. Ach bíonn Jack ag déanamh an rud céanna. Mar sin tá na Conallaigh agus na Ciarraígh ag triall sa chathair don chluiche.

Le ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid le dhá chontae Gaeltachta sa chraobh, craolfaidh Raidió na Gaeltachta clár speisialta, Glas agus Buí, beo ó Pipers Corner, i gcroílár Bhaile Átha Cliath ó 7pm to dtí 9pm oíche Sathairn.

Sláine Ní Chathalláin as Raidió na Gaeltachta
Sláine Ní Chathalláin as Raidió na Gaeltachta

Beidh sé curtha i láthair ag an gCiarraíoch, Sláine Ní Chathalláin as Raidió na Gaeltachta agus fear Thír Chonaill, Damien Ó Dónaill. 

Dúirt Sláine faoi: ‘Beidh ana ócáid ann, le lucht leanta na bhfóirne thuaidh is theas.

‘Beidh mé féin agus Damien Ó Dónaill ag caint le lucht tacaíochta an dá fhoireann, beidh ceol agus amhráin ón dá chontae againn, agus pearsa na caide i láthair chun a mbreith a thabhairt ar lá na cinniúna. Mura mbuafam, suafam.’

Beidh ceol, craic, spraoi agus scéalta, le lucht tacaíochta an dá chontae, iarimreoirí, scoth na gceoltóirí agus aíonna speisialta.

Beidh scoth an cheoil beo agus ar Raidió na Gaeltachta ó cheoltóirí lena n-áirítear: Clann Uí Mhaonaigh agus Cathal Ó Curráin as Gaoth Dobhair, Dún na nGall, Clann O’Connor as Sliabh Luachra, chomh maith le neart aíonna speisialta eile as Ciarraí agus Dún na nGall. 

Beidh dhá thicéad le buachan do Chraobh Peile na hÉireann ar an oíche. Tá fáilte roimh chách. Bígí linn agus caithígí bhur ndathanna glasa agus buí! 

Ar an Domhnach beidh Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh ag Craobh Pheile na hÉireann le fáisnéis tuairiscí, torthaí, anailís agus tráchtaireacht beo ó 1.50pm.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram