

Sheol an Rialtas plean €275 billiún an tseachtain seo ach cad atá á dhéanamh acu faoi fhadhbanna i scoileanna
Ach fós féin, tá tuismitheoirí ag bácáil cácaí agus borgóga (buns) chun íoc as leictreachas agus páipéar leithris i scoileanna a bpáistí.

Léiríonn suirbhé go mbailíonn tuismitheoirí bunscoileanna thart ar €10,000 sa bhliain ar an meán chun costais bhunúsacha a chlúdach.
Taispeánann anailís gur gá do scoileanna breis agus €25,000 a aimsiú gach bliain chun leanúint ar aghaidh.
Dúirt 80% de na scoileanna sa suirbhé nach leor maoiniú stáit chun a gcuid riachtanas bunúsach a shásamh.
Bíonn ar go leor acu brath ar shíntiúis ó thuismitheoirí, nach mbíonn cinnte i gcónaí.
Dar le ceannairí scoile, léiríonn sé seo easnamh leanúnach i maoiniú an stáit.
Léirigh an suirbhé, arna choimisiúnú ag Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha (Catholic Primary School Management Association, CPSMA), go mbíonn 94% de na bunscoileanna ag bailiú airgid chun íoc as rudaí riachtanacha cosúil le teas, leictreachas, glanadh agus ábhair ranga.
Rinne Amárach Research an suirbhé, agus fuarthas freagraí ó 722 príomhoide ar fud na tíre.
‘Ní bhaineann sé seo le rudaí breise,’ a dúirt Séamus Mulconry, rúnaí ginearálta CPSMA, in agallamh le The Irish Times.
‘Baineann sé seo le soilse a choinneáil ar siúl, seomraí ranga a théamh, agus a chinntiú go bhfuil páipéar leithris ag leanaí. Táimid i gcás géarchéime.’
De réir an tsuirbhé, bhailigh 44% de na scoileanna idir €5,000 agus €10,000 sa bhliain, agus bhailigh 36% níos mó ná €10,000. Dúirt roinnt scoileanna gur bhailigh siad os cionn €40,000.
Measann an CPSMA go bhfuil bearna €25,000 ar an meán idir maoiniú an stáit agus costais oibriúcháin na scoileanna.
Ag labhairt dó le RTÉ News, dúirt an tUasal Mulconry go bhfuil an scéal ‘neamh-inbhuanaithe (unsustainable)’.
‘Tá scoileanna ag reáchtáil díolacháin cácaí chun íoc as leictreachas,’ a dúirt sé.
Chuir sé béim ar an ualach breise atá ar scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste, áit nach bhfuil an cumas céanna acu airgead a bhailiú.
Tá Aire Oideachas Helen McEntee ag teacht faoi bhrú ach d’fhreagair an Roinn Oideachais trí chosaint a dhéanamh ar a samhail mhaoinithe.
Dúirt urlabhraí leis RTÉ News go raibh an ráta caipitíochta (capitation rate) do bhunscoileanna méadaithe 10% don scoilbhliain 2024/25.
‘Cuireadh maoiniú breise ar fáil freisin chun tacú le costais fuinnimh agus brú boilscithe (inflationary) eile,’ a dúirt an Roinn.
Dúirt an Roinn le The Irish Times gur cuireadh €60 milliún ar fáil i ndeontais do mhionobair i mbunscoileanna i mbliana, agus go bhfuil méaduithe breise á bplé.
‘Táimid tiomanta do chinntiú nach gcuirtear oideachas páiste i mbaol mar gheall ar easpa acmhainní,’ a dúirt an Roinn.
‘Leanann muid orainn ag plé le páirtithe leasmhara chun riachtanais mhaoinithe a mheas agus tacú le scoileanna.’

Ach dar leis an CPSMA, níl na bearta seo sách maith.
‘Tá an deontas caipitíochta fós níos ísle ná mar a bhí sé i 2010, i dtéarmaí fíorluacha,’ a dúirt Mulconry le RTÉ.
‘Tá gá le samhail mhaoinithe inbhuanaithe nach mbraitheann ar thuismitheoirí ag díol ticéid chrannchuir (raffle).’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.