

I dtír atá aitheanta le fada as a naisc chultúrtha doimhne le feoil agus déiríocht, tá an t-aistriú i dtreo ithe níos sláintiúla ag tarlú – ach tá sé mall.
Léiríonn sonraí le déanaí pictiúr de náisiún atá ag éirí níos feasach ar shochair bia cothaitheach, ach fós ag streachailt le réaltachtaí costas, nósanna agus traidisiúin.
De réir suirbhé Healthy Ireland i 2024, thuairiscigh 81% de dhaoine fásta go bhfuil siad i sláinte mhaith nó an-mhaith.

Mar sin féin, tá an dóchas sin maolaithe ag an bhfíric go bhfuil riocht sláinte fadtéarmach ag 41% freisin, amhail brú fola ard nó diaibéiteas.
Fuair tuarascáil treochtaí tomhaltóirí 2025 ó Bhord Bia amach go ndeir 68% de dhaoine fásta na hÉireann gur maith leo ‘ithe go sláintiúil an chuid is mó den am.’
Mar sin féin, níor liostáil ach 49% ithe sláintiúil mar phríomhrún na hAthbhliana ag tús na bliana seo.
Bhí sé sin taobh thiar de níos mó aclaíochta a dhéanamh (55%) agus díreach chun tosaigh ar mheáchan a chailleadh (43%).
Tá géarchéim costas maireachtála tar éis deacrachtaí a chur ar iarrachtaí chun ithe go maith freisin.
Léirigh staidéar in 2024 le Safefood Ireland go bhfuil 71% de thomhaltóirí ‘an-bhuartha’ faoi phraghsanna bia, agus go bhfuil 57% chomh buartha céanna faoi na rioscaí sláinte a bhaineann le bianna sárphróiseáilte.
In ainneoin seo, níor dúirt ach 37% go n-íocfaidís níos mó as roghanna atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Agus de réir suirbhé coimisiúnaithe ag Nestlé Lindahls cúpla mí ó shin, ní thuigeann níos mó ná leath de dhaoine fásta in Éirinn an tionchar atá ag aiste bhia ar a sláinte.
Sheol an comhlacht a bhfeachtas #GoodMove i bpáirt leis an láithreoir teilifíse agus iar-chaptaen camógaíochta Anna Geary, mar aon leis an gcomhlacht Perpetua Fitness.
Tháinig sé chun cinn sa taighde go mothaíonn 47% de dhaoine faoi bhrú nó faoi strus agus iad ag iarraidh aiste bhia cothrom sláintiúil a fháil.

Costas fós mar phríomh-chosc
D’fhiafraigh an suirbhé de dhaoine fásta céard iad na baic is mó a bhaineann le haiste bhia níos cothroime.
Luaigh 63% an costas mar an phríomhbhac, agus dúirt 26% nach raibh go leor ama acu. D’aithin 25% eile nach raibh tuiscint mhaith acu ar cad is bia cothaitheach (nutritious) ann.
Dóchas i measc na ndúshlán
Mar sin féin, dúirt breis is leath de na freagróirí go bhfuil siad ag déanamh iarrachtaí breise a dhéanamh. Ba iad bainistíocht meáchain agus imní shláinte na cúiseanna ba mhó a luadar
Ag labhairt di ar na torthaí, dúirt an saineolaí cothúcháin (nutritionist) Laura Kealy: ‘Is ábhar dóchais é go bhfuil 85% de dhaoine fásta ag iarraidh ithe níos sláintiúla.
’Ach léiríonn sé freisin na deacrachtaí a bhíonn acu – costas, am, agus mearbhall. Tá gá le treoir shimplí, éifeachtach agus inrochtana. Ní gá go mbeadh cothú casta.’
Tacaíocht ón earnáil bia
De réir Priyanca Masrani, bainisteoir branda ag Nestlé Lindahls, tá sé soiléir go bhfuil daoine ag iarraidh athrú a dhéanamh ar a nósanna.
‘Tá daoine níos gníomhaí agus ag iarraidh rudaí a fheabhsú, agus tá sé sin an-dearfach,’ a dúirt Priyanca Masrani.
‘Tá sé mar sprioc againn táirgí áisiúla a chur ar fáil – blasta, ard i bpróitéin, íseal i saille agus siúcra – agus éasca le fáil.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.