Tabharfar Saorthaisteal (Free Travel) do níos mó daoine — gach eolas faoi

24/07/2025

Beidh níos mó daoine in ann Saorthaisteal (Free Travel) a fháil ó Mheán Fómhair. An tusa duine de na daoine sin?

Tá sé i gceist go síneofar amach saorthaisteal in aisce do níos mó daoine níos déanaí i mbliana.

Deimhníodh an t-athrú seo i gCáinaisnéis 2025 – beidh an Pas Comhluadair don Scéim Saorthaistil (Free Travel Scheme Companion Pass) ar fáil do gach duine atá os cionn 70 bliain d’aois ón 1 Meán Fómhair 2025.

Leis an Scéim Saorthaistil, is féidir leat taisteal saor in aisce ar iompar poiblí agus ar roinnt seirbhísí príobháideacha bus agus bád farantóireachta.

Níl aon srianta ama ar úsáid Saorthaisteal – is féidir leat taisteal ag am ar bith
Níl aon srianta ama ar úsáid Saorthaisteal – is féidir leat taisteal ag am ar bith

Faoi láthair, is féidir le gach duine atá 66 bliain d’aois nó os a chionn, agus atá ina gcónaí go buan in Éirinn, leas a bhaint as an Scéim Saorthaistil.

Tá sí á leathnú anois chun níos mó daoine a chuimsiú.

Féadfaidh daoine faoi mhíchumas agus cúramóirí atá faoi bhun 66 freisin cáiliú don scéim.

Má tá tú i dteideal Saorthaisteal agus tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag cónaí le do pháirtí, féadfaidh do pháirtí taisteal saor in aisce leat má chomhlíonann sibh coinníollacha áirithe.

Má tá tú i dteideal taisteal saor in aisce, beidh ‘FT’ le feiceáil i gcúinne uachtarach ar chlé do Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP).

Léiríonn an litir ina dhiaidh cé atá in ann taisteal saor in aisce leat:

FT-P – is féidir leat féin taisteal saor in aisce

FT+S – is féidir le do chéile/ páirtí/ comhchónaitheoir taisteal saor in aisce leat

FT+C – is féidir le duine os cionn 16 bliana taisteal saor in aisce leat

Ní mór duit do Chárta Seirbhísí Poiblí a thaispeáint nó a scanadh leis an oibreoir taistil nuair atá tú ag taisteal.

Níl pasanna taistil páipéir á n-eisiúint a thuilleadh, ach má tá ceann agat atá fós bailí, is féidir leat é a úsáid.

luas

CÁ HÁIT IS FÉIDIR TAISTIL SAOR A ÚSÁID?
Is féidir Saorthaisteal a úsáid ar fhormhór sheirbhísí Iarnród Éireann, Bus Éireann, Bus Átha Cliath, DART, agus Luas, mar aon le seirbhísí príobháideacha áirithe bus agus bád.

Tá sé ar fáil freisin ar sheirbhísí Nitelink Átha Cliath, Go-Ahead Ireland agus ar sheirbhísí TFI Nasc Áitiúil.

Níl sé ar fáil ar sheirbhísí áirithe speisialta, cosúil leis an tseirbhís AIRLINK ag Bus Átha Cliath.

Is féidir liosta iomlán de na seirbhísí ar féidir leat Saorthaisteal a úsáid orthu a fháil ar gov.ie.

Níl aon srianta ama ar úsáid Saorthaisteal – is féidir leat taisteal ag am ar bith.

CONAS A BHEITH I DTEIDEAL TAISTIL SHAOR
Chun taisteal saor in aisce a fháil, caithfidh tú bheith i do chónaí in Éirinn agus caithfidh tú ceann amháin de na coinníollacha seo a chomhlíonadh:
• Tá tú 66 bliain d’aois nó níos sine
• Tá tú ag fáil Liúntas Míchumais, Pinsean Daille, Liúntas Cúramóra, nó Pinsean Neamhfheidhmiúlachta
• Tá tú dall nó lagamhairc agus comhlíonann tú na coinníollacha leighis don Phinsean Daille
• Tá tú ag fáil Forlíonadh Míchumais nó Coimhdeacht do Dhaoine Gortaithe san Obair le Pinsean Míchumais ar feadh 12 mhí ar a laghad
• Is cúramóir tú atá sonraithe do dhuine atá ag fáil Liúntas Cúnaimh Leanúnaigh nó Liúntas Gaolta Forordaithe
• Tá tú ag fáil íocaíocht neamhfheidhmiúlachta (nó ceann comhchosúil) ó thír atá faoi rialacha an AE nó faoi chomhaontú déthaobhach le hÉirinn ar feadh 12 mhí
• Tá tú idir 17 agus 65, agus tá tú deimhnithe ó thaobh leighis nach raibh tú riamh oiriúnach le tiomáint de bharr míchumais, nó nárbh fhéidir leat tiomáint ar feadh 12 mhí ar a laghad

BAINTREACHA, BAINTREACHA FIR NÓ PÁIRTITHE SIBHIALTA MAIREACHTÁLA

Má tá tú 60 bliain d’aois nó níos sine, agus má tá tú i do chónaí in Éirinn, agus go raibh do chéile nó do pháirtí sibhialta nach maireann i dteideal Saorthaisteal, féadfaidh tú féin a bheith i dteideal freisin má tá tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí seo:

  • Pinsean (Ranníocach) do Bhean nó Fear Céile/Baintreach nó Páirtí Sibhialta Maireachtála
  • Pinsean (Neamhranníocach) den chineál céanna
  • Íocaíocht do Theaghlach Aon Tuismitheora
  • Pinsean faoi Scéim Shochair Ghortuithe Gairmiúla
  • Sochar comhchosúil ó thír faoin AE nó faoi chomhaontú le hÉirinn
  • Gnáth phinsean baintreach Garda

CÉILE, PÁIRTITHE AGUS COMHCHÓNAITHEOIR
Má tá tú i dteideal Saorthaisteal agus má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag cónaí le do pháirtí, féadfaidh do pháirtí taisteal leat saor in aisce, ach ní bhaineann sé seo le gach cás.
Ní bheidh do pháirtí i dteideal taisteal saor in aisce leat má tá tú:

  • Faoi bhun 66 bliana d’aois,
  • Ag fáil Liúntas Cúramóra,
  • Ainmnithe mar chúramóir do dhuine ag fáil Liúntas Cúnaimh Leanúnaigh nó Liúntas Gaolta Forordaithe,
  • Deimhnithe ó thaobh leighis nach raibh tú riamh oiriúnach le tiomáint de bharr míchumais, nó nárbh fhéidir leat tiomáint ar feadh 12 mhí.
    Caithfidh do chárta CSP an marc FT+S a bheith air chun go mbeidh do pháirtí in ann taisteal leat.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram