

Tá an chathair Iodálach, Genoa. curtha síos mar ‘sheoid luachmhar faoi rúin’ agus ar cheann de na háiteanna is fearr ar domhan le tabhairt cuairte orthu i 2025, dar le Lonely Planet Travel Guide.
Tá sí suite ar chósta thiar thuaidh na hIodáile.
Deirtear gur ‘seoid i bhfolach’ í, le cósta álainn agus lár na cathrach meánaoisí lán le tithe tábhairne, bialanna, agus sráideanna beaga cúnga ar a dtugtar ‘caruggi’, atá lán le séadchomharthaí stairiúla.

Cathair chuain
Is cathair chuain í Genoa, ach tá sí i bhfad níos ciúine agus níos lú plódaithe ná cathracha móra turasóireachta eile cosúil le Veinéis nó an Róimh.
Deir Lonely Planet: ‘Tá traein ardluais nua á pleanáil, agus anois an t-am cuairt a thabhairt ar an gcathair uasal seo atá clúiteach as a bia den scoth, a cósta álainn, agus a stair shaibhir chultúrtha.’
Naomh Eoin Baiste
Tá Ardeaglais San Lorenzo, a tógadh sa bhliain 1098, lonnaithe i Genoa, agus meastar go bhfuil luaithreach Naomh Eoin Baiste — pátrún na cathrach — ann.
Tá na sráideanna cúnga agus na lánaí sa chathair lán le siopaí beaga neamhspleácha, cuid acu ann ó aimsir na 1600í.

Gelato blasta
Tá an siopa milseán is sine san Iodáil, Romanengo, lonnaithe i Genoa ó 1780, agus déantar cuid dá milseáin ildathach de láimh fós go dtí an lá inniu.
Má tá suim agat sa trá, níl gá dul rófhada — tá Boccadasse, sráidbhaile álainn cois cósta le trá chloiche mhín agus an ‘gelato’ is blasta i bhfad timpeall, ar fáil go héasca ar bhus áitiúil.
Baile an pesto
Maidir le bia, is í Genoa baile an ‘pesto’ — anlann blasta a chuirtear ar pasta nó ar arán áitiúla de ghnáth.
Tá margadh bia faoi dhíon sa chathair darb ainm Mercato Orientale, agus deirtear gurb é sin an áit is fearr le blas a fháil ar bhia áitiúil.

Solas na gréine
Más maith leat an aimsir the, beidh Iúil agus Lúnasa oiriúnach — bíonn an teocht idir 28 agus 30 céim go minic i Genoa.
Ach murab ionann is cathracha ó dheas mar Napoli, ní bhíonn tonnta teasa dian ann de ghnáth.
Agus má tá fonn siúil ort, tá naisc thraenach maithe ón gcathair — is féidir le duine taisteal go Nice sa Fhrainc i dtrí huaire an chloig, agus tá Pisa agus Milano níos lú ná dhá uair an chloig uait ar an traein.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.