

Tá grúpa uathúil d’eisimircigh ag teacht ar ais go Gaeltacht na Gaillimhe, grúpa cuirliún, le cabhair ó ghrúpaí áitiúla agus ón Aontas Eorpach.
Tá naoi cuirliún annamh curtha ar ais san fhiántas ar Loch Rí mar chuid de thionscadal náisiúnta caomhnaithe – agus beidh níos mó acu ag dul go Loch Coirib i gConamara gan mhoill.

Laghdú mór ar líon na gcuirliún
Tá líon na gcuirliún beagnach imithe ar fad as Éirinn ó na 1980idí, ach tá iarracht á dhéanamh iad a thabhairt ar ais go dtí an tSionainn in aice le hÁth Luain.
Tionscadal €25 milliún
Tá an tionscadal seo mar chuid den ‘Breeding Waders European Innovation Partnership’ agus tá sé á mhaoiniú in Éirinn ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.
Cuspóir an tionscadail
Is é príomhchuspóir an tionscadail ná líon na n-éan uisce a bhíonn ag pórú a chosaint agus a mhéadú, mar tá laghdú mór tagtha orthu le blianta beaga anuas.
Tá an tionscadal dírithe ar thaighde, bainistiú tírdhreacha, agus forbairt polasaí.
Conas a dhéantar é?
Baintear na huibheacha ó neadacha na gcuirliún agus cuirtear iad faoi choimeád i Páirc Fiadhúlra Fhóite (Fota Wildlife Park).
Nuair a bheirtear na héin óga, scaoiltear amach iad san fhiántas. Scaoileadh na héin ar oileán neamháitrithe Inis Bó Finne (Inchbofin) ar Loch Rí.
Dúirt Owen Murphy, bainisteoir sinsearach an tionscadail: ‘Tá na héin seo ag neadú ar an talamh, agus mar sin tá siad an-leochaileach.
‘Tá siad i mbaol nuair atá siad ina n-uibheacha agus ina sicíní. Mar sin, nuair a scaoiltear naoi héan sláintiúil amach san fhiántas agus iad ag ithe láithreach, tá sé an-tábhachtach agus tugann sé sásamh mór dúinn.’
Líon na gcuirliún in Éirinn
Tá laghdú thart ar 98% tagtha ar líon na gcuirliún ó na 1980idí, agus níl ach timpeall 100 péire fágtha. Dá bhrí sin, dúirt bainisteoir an tionscadail go raibh an scaoileadh ‘an-tábhachtach’ agus gur ‘rud mór’ é an cineál seo athchurtha.
Tuilleadh le teacht
‘Beidh scaoileadh eile againn i gceann cúpla seachtain ar Loch Coirib, agus beidh 17 éan eile á gcur amach san fhiántas,’ a dúirt sé.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.