Imní an IHREC faoi na dlíthe nua maidir le tearmann

Tá an baol ann nach dtabharfar an leas is fearr do leanaí leis an mBille nua maidir le tearmann, a deir an IHREC

Dúirt an Coimisiún um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) go bhféadfadh an reachtaíocht nua maidir le tearmann a chur an Stát i mbaol cásanna dlí.

I measúnú cáinteach ar scéim ghinearálta an Bhille um Chosaint Idirnáisiúnta 2025, thug an Coimisiún foláireamh go bhféadfadh an córas nua bunchearta iarrthóirí tearmainn a shárú.

Dúirt an Phríomh Choimisinéir an IHREC, Liam Herrick: ‘Aithnímid gur cás casta atá ann, ach creidimid go mbeidh codanna den scéim mhíréadúil agus go gcuirfidh siad cúrsaí ina aimhréidh ó thaobh dlí.’

Tháinig tuairimí an IHREC i ndiaidh do Jim O’Callaghan a rá go raibh laghdú 43% ar líon na n-iarratas ar thearmann
Tháinig tuairimí an IHREC i ndiaidh do Jim O’Callaghan a rá go raibh laghdú 43% ar líon na n-iarratas ar thearmann

Tháinig na tuairimí seo i ndiaidh do Jim O’Callaghan, an tAire Dlí agus Cirt, a rá go raibh laghdú 43% tagtha ar líon na n-iarratas ar thearmann sa chéad leath de 2025, i gcomparáid le 2024. Deirtear gur toradh é seo ar pholasaithe níos doichte ón gcomhrialtas nua.

Ceadaíodh an Bille nua i mí Aibreáin, agus deirtear gur athrú mór stairiúil a bheidh ann ar dhlíthe tearmainn na hÉireann.

Tabharfaidh sé éifeacht freisin do Phacáiste Imirce agus Tearmainn an AE, a thiocfaidh i bhfeidhm i Meitheamh 2026.

Beidh srianta nua sa phacáiste le laghdú a chur ar líon na ndaoine a fhaigheann rochtain ar an AE.

Cuirfidh an Bille deireadh leis an Acht 2015 agus giorróidh sé an próiseas cinnteoireachta go tréimhse 3 mhí. Beidh forálacha ann do choinneáil iarrthóirí agus bailiú sonraí bithmhéadracha ó dhaoine os cionn 6 bliana d’aois.

Tá an IHREC buartha faoin méid atá sa scéim – breis is 240 leathanach – agus faoin gcastacht atá i gceist.
Dúirt an tUasal Herrick: ‘Tá imní faoi chearta leanaí, rochtain ar ionadaíocht dhlíthiúil agus faoi choinneáil na n-iarrthóirí.’

Luaigh an IHREC freisin nach bhfuil sé soiléir cad is brí leis an ‘comhairliú dlíthiúil’ atá molta sa Bhille.

Deirtear freisin nach bhfuil córas láidir measúnaithe aoise ann do leanaí gan doiciméid, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis go ndéanfaí déileáil leo mar dhaoine fásta.

Deir IHREC: ‘Tá an baol ann nach dtabharfar an leas is fearr do leanaí agus go mbeidh orthu dul tríd an bpróiseas tearmainn ghearr.’

Cé gur luaigh an tAire go bhfuil súil aige nach mbeidh gá le coinneáil, deir IHREC go bhféadfadh tuairisciú bithmhéadrach agus faireachas a bheith mar chineál ‘coinneála i bhfolach’.

Dar le Herrick: ‘Is athrú ollmhór é seo ar ár gcóras. Ní féidir linn é a chur i bhfeidhm gan athmhachnamh cúramach.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram