Molann liobrálaigh Iosraelacha Bille na hÉireann, ach deir Alan Shatter gur dlí Naitsíoch é

16/07/2025

Deir iar-aire dlí agus cirt Alan Shatter go bhfuil Bille na gCríoch faoi Fhorghabháil den chineál reachtaíochta a thionscain na Naitsithe é ach deir roinnt figiúirí mór le rá Iosraelacha gur chóir d’Éirinn cosc a chur ar thrádáil le lonnaíochtaí mídhleathacha ar thalamh na Palaistíne anois

Tá an t-iar-aire dlí agus cirt, Alan Shatter, tar éis cáineadh a dhéanamh ar an mBille na gCríoch faoi Fhorghabháil atá ag dul os comhair na Dála agus chuir sé é i gcomparáid le reachtaíocht na Naitsithe.

Tá sé mar aidhm ag an mBille stop a chur le trádáil le lonnaitheoirí mídhleathacha Iosraelacha atá ag glacadh tithe agus talún ó mhuintir na Palaistíne sa Phalaistín le tacaíocht ó shaighdiúirí Iosraelacha.

Alan Shatter
Alan Shatter

Dúirt an tUasal Shatter le Coiste Gnóthaí Eachtracha an Oireachtais gurb é an reachtaíocht atá beartaithe an chéad ‘bhille um bhaghcat na nGiúdach’ ó rialtas Eorpach ó 1945, agus gur macasamhail den chineál reachtaíochta a thionscain na Naitsithe é.

Mar sin féin dúirt roinnt figiúirí mór le rá ón Iosrael cur chóir d’Éirinn cosc a chur ar thrádáil le lonnaíochtaí mídhleathacha ar thalamh na Palaistíne anois.

Tá iar-Ard-Aighne Iosraelach, Michael Ben-Yair, roinnt iar-ambasadóirí agus buaiteoirí duaiseanna cultúrtha tar éis litir a chur chuig an choiste le tacaíocht a thabhairt don Bhille atá molta.

Tar éis blianta fada brú chun Bille na gCríoch faoi Fhorghabháil a achtú, cuireadh reachtaíocht úrnua faoi bhráid an Oireachtais i mbliana, sé sin, Bille um Lonnaíochtaí Iosraelacha i gCríoch na Palaistíne faoi Fhorghabháil (Toirmeasc ar Allmhairiú Earraí) 2025.

Tá an Bille á scrúdú faoi láthair ag an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha.

De réir an Rialtais, tá bonn dlí an-chúng ann, bunaithe ar thuairim chomhairleach ó Phríomh-Chúirt Bhreithiúnais na Náisiún Aontaithe, chun cosc a chur ar thrádáil le lonnaíochtaí mídhleathacha Iosraelacha.

Tá sé beartaithe acu cosc a chur ar earraí, ach tá sé ráite acu go bhfuil an scéal i bhfad níos casta ó thaobh seirbhísí de.

I litir chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, d’iarr dá figiúirí clúiteacha dhéag ó Iosrael ar Éirinn an cosc sin a chur i bhfeidhm ní hamháin ar earraí, ach ar sheirbhísí fosta.

Dúirt siad: ‘Cuirimid fáilte roimh an dul chun cinn atá Éire ag déanamh maidir leis an mBille… Dúirt an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go soiléir: tá ar gach stát dualgas ‘gan cúnamh ná tacaíocht a thabhairt’ a chabhraíonn le lonnaíochtaí Iosraelacha a choinneáil sna Críocha faoi Fhorghabháil.

Dá réir sin, tá sé fíorthábhachtach go gcomhlíonfaidh Éire an tuairim chomhairleach sin tríd an trádáil leis na lonnaíochtaí mídhleathacha a stopadh – ní amháin i dtaobh earraí, ach i dtaobh seirbhísí chomh maith.’

An Bruach Thiar, áit a bhfuil Palaistínigh á n-ionsú ag lonnaitheoirí Iosraelacha
An Bruach Thiar, áit a bhfuil Palaistínigh á n-ionsú ag lonnaitheoirí Iosraelacha

Dúirt cathaoirleach an choiste, John Lahart, ó Fhianna Fáil, go raibh éileamh a rinneadh le linn na n-imeachtaí go raibh an bille frith-Sheimíteach ‘an-ghortaitheach agus clúmhillteach’.

Le roinnt seachtainí anuas, tá an coiste ag scrúdú an Bhille, ar a dtugtar an Bille um Lonnaíochtaí Iosraelacha sna Críocha Palaistíneacha Forghafa, a thoirmisceann allmhairiú earraí ó na lonnaíochtaí sin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram