Cur amuigh bia: Caitear amach thart ar €660 de bhia in aghaidh an duine gach bliain

Tá Bia Duit ar ExtraG ag taobhú leis an scéim Too Good To Go in aghaidh cur amuigh bia

Tá Bia Duit ar ExtraG ag leanúint leis an bhfeachtas chun cabhrú le cur amuigh biaa laghdú.

Caitear thart ar €660 de bhia sa bhosca bruscair in aghaidh an duine in Éirinn gach bliain – sin níos mó ná €1,000 i ndáiríre nuair a smaoiníonn tú ar an méid a chaithfidh tú a thuilleamh chun é sin a fháil tar éis cánacha.

Is iad daoine óga is measa – caitear amach dhá oiread bia i gcomparáid le daoine os cionn 55 bliain d’aois.

Ach ní leor gearán a dhéanamh – caithfimid gníomhú. Cabhraíonn an scéim Too Good To Go leis seo.

Is caillteanas dúbailte í an cur amuigh bia – caillteanas airgid don chustaiméir agus damáiste mór don chomhshaol
Is caillteanas dúbailte í an cur amuigh bia – caillteanas airgid don chustaiméir agus damáiste mór don chomhshaol

Tá thart ar 100 siopa Spar, Eurospar, Mace, Londis agus XL páirteach sa scéim, ag díol bia breise ar leathphraghas i málaí ar a dtugtar Surprise Bags.

Dúirt Machaela O’Leary ó Too Good To Go: ‘Bua do chách é – faigheann custaiméirí bia maith ar phraghas maith, agus cabhraímid le fadhb mhór comhshaoil a réiteach, píosa ar phíosa.’

Ach is fadhb mhór í an cur amuigh bia fós.

Meastar go gcaitear amach thart ar 10% den bhia a cheannaíonn daoine in Éirinn, agus admhaíonn daoine óga go gcaitear amach suas le 14%, i gcomparáid le 7% i measc daoine os cionn 55.

Deir níos mó ná ceathrú de dhaoine idir 18 agus 24 nach bhfuil siad ar an eolas faoin tionchar atá ag an dramhaíl bhia seo ar an gcomhshaol, de réir taighde nua ó BWG Foods.

Is iad na daoine fásta a mhothaíonn ciontach faoi bhia a chur amú – 83% acu – ach tá seans i bhfad níos lú go mothaíonn daoine óga ciontach.

Fuarthas amach freisin go ndéanann 81% de chustaiméirí iarracht an cur amuigh bia a laghdú chun cabhrú leis an gcomhshaol, ach níl ach 72% de dhaoine idir 18 agus 24 ag déanamh amhlaidh – rud a léiríonn treocht imníoch i measc Ghlúin Z.

Déanann 85% iarracht dramhaíl bhia a laghdú chun airgead a shábháil, agus dúirt 72% gur spreag praghsanna arda bia iad chun níos lú a chur sa bhosca bruscair.

Má chaitheann duine singil €6,600 ar bhia in aghaidh na bliana, ciallaíonn dramhaíl 10% go bhfuil suas le €660 á chailleadh acu gach bliain.

Dúirt Megan Kelly ó BWG Foods: ‘Is caillteanas dúbailte í an cur amuigh bia – caillteanas airgid don chustaiméir agus damáiste mór don chomhshaol.

‘Tá suas le 10% d’astaíochtaí CO₂ domhanda bainteach le caillteanas agus cur amuigh bia.

Úsáidtear go leor acmhainní – talamh, uisce, fuinneamh agus leasacháin (fertiliser) – chun bia a tháirgeadh, agus nuair a chaitear an bia amach, cuirtear na hacmhainní sin amú freisin.’

Ach tá réitigh ag teacht chun cinn. Creideann Ms Kelly gur bealach éifeachtach í an scéim Too Good To Go chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

Dúirt sí: ‘Tá Too Good To Go ag éirí go han-mhaith mar ardán chun cur amuigh bia a laghdú, agus mholfaimis do chustaiméirí – go háirithe iad siúd atá ag lorg luach maith – triail a bhaint aisti.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram