

‘Tá páistí chomh hóg le cúig bliana d’aois ag déanamh físeáin ‘Get Ready With Me (GRWM)’ ar TikTok, áit a bhfuil siad ag baint úsáide as iliomad táirgí cúraim craicinn nach bhfuil gá ar bith ag páiste cúig bliana d’aois leo.
Bhí sé i gcónaí ina mholadh mór a rá go raibh ‘craiceann cosúil le craiceann linbh’ agat’.

Ní dócha go n-aontódh na cailíní beaga seo leis an méid sin, agus iad ag baint úsáide as iliomad uachtair agus lóiseanna éagsúla chun iad féin a ullmhú don TikTok agus don naíscoil nó don scoil.
Cuireadh tús leis an bhfadhb GRWM ag déagóirí a bhí ag iarraidh a gcuid nósanna cúraim craicinn agus gruaige a thaispeáint agus iad ag ullmhú d’oíche amach nó d’ócáid mhór cosúil le bainis.
Ach sa lá atá inniu ann, tá na gluaiseachtaí coitianta seo á gcóipeáil ag páistí beaga le leicne bándearga agus gáire ait, ar mhaithe le ‘féinchúram’ agus ‘gnásanna áilleachta’.
D’aimsigh taighdeoirí go bhfuil roinnt de na táirgí a úsáideann na páistí mar chuid de GRWM ag áireamh timpeall 11 comhábhar a d’fhéadfadh greannú a dhéanamh.
Taispeánadh sna torthaí, a foilsíodh san iris Pediatrics, go bhfuil páistí ag baint úsáide as meán de 6 tháirge ar a gcraiceann óg, agus tá roinnt acu ag úsáid níos mó ná dosaen.
Fuair taighdeoirí amach, as na táirgí go léir atá in úsáid ag na páistí, nach bhfuil ach páiste amháin as gach ceathrar ag baint úsáide as uachtar gréine — an táirge is tábhachtaí ar fad, b’fhéidir.
D’ardaigh staidéar ó phríomh-dhéirmeolaithe (lead dermatoligists) imní mhór faoin treocht GRWM, mar go bhféadfadh roinnt de na táirgí comhábhair chéanna a bheith iontu, agus tá páistí ag úsáid na gcomhábhar sin arís is arís eile — cosúil le haigéad hidreacsach (hydroxy acid) agus peiptídí frith-aosaithe (anti-aging peptides).
Luaigh na dochtúirí go bhfuil na táirgí seo á bhfógairt go láidir do dhaoine óga, agus go bhfuil baol ard ann go gcuirfidís greannú craicinn nó ailléirgí orthu.
Sa staidéar, taispeánadh físeán ina raibh cailín óg ag úsáid deich dtáirge éagsúla ar a aghaigh istigh de sé nóiméad amháin.
Is rud maith é cúram craicinn a dhéanamh go rialta, ach níl gá le neart táirgí glanta ag gach duine, go háirithe páistí faoi bhun 12 bliain.

Tá treocht nua ar na meáin shóisialta ar a dtugtar ‘SEPHORA kids’, áit a mbíonn páistí agus déagóirí ag ceannach táirgí sa siopa mór áilleachta agus ag taispeáint a gceannacháin i bhfíseáin TikTok mar chuid de GRWM.
Tá cuid de na páistí seo chomh hóg le cúig bliana d’aois, agus tá siad ag rá go dteastaíonn uachtair agus séirim ‘frith-aosaithe’ uathu agus GRWM ar siúl.
De réir staidéir sna Stáit Aontaithe, níl mórán tairbhe le fáil sna táirgí atá dírithe ar pháistí.
Creideann taighdeoirí go bhféadfadh an treocht seo dochar a dhéanamh d’fhéinmheas na bpáistí, go háirithe mura bhfuil na táirgí is nua acu.
Tá caighdeáin an-ard á leagan amach ag na meáin shóisialta, agus is deacair do pháistí óga coinneáil suas leo.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.