

I gcathair ina bhfuil cáil uirthi as ard fhaisean, ba scannán réaltachta ceart é slán Demna ag Balenciaga.
D’fhág an dearthóir de chuid na Seoirsia, atá cáiliúil as a fhís nuálach agus dána, slán ag Páras le seó a bhí ina litir ghrá don ard fhaisean — ach ag an am céanna, léirmheas géar ar a eisiachas (exclusivity).

Bhí réaltachtaí Hollywood ina suí sa chéad sraith: Kim Kardashian clúdaithe i bhfionna mín bréige a spreag Elizabeth Taylor; Nicole Kidman gan léine; agus fiú Lauren Bezos, í féin ag freastal ar an ócáid go galánta díreach i ndiaidh a pósta.
Bhí Cardi B, Naomi Watts agus Katy Perry i láthair chomh maith. Ach ba iad na héadaí féin réaltaí móra an tseó — gach píosa ina ráiteas uathúil ina leith féin.

Cuireadh seó deireanach Demna ar stáitse in árasán athchóirithe Cristóbal Balenciaga ó na 1960idí — suíomh a bhí chomh galánta leis an mbailiúchán féin.
Ó ghúna bhándearg débutante déanta as ‘organza’ is éadroime ar domhan go culaith sciorta seicheamhach (sequinned) spreagtha ag éadach boird a sheanmháthar, ba bhailiúchán iontach é.
Tá Demna ag ullmhú chun smacht a ghlacadh ar Gucci i Milano. Agus, fágann Demna oidhreacht ina dhiaidh a spreagfaidh fós. Tá dualgas trom ar a chomharba, Pierpaolo Piccioli ó Valentino.

Ag machnamh ar a thuras a mhair deich mbliana, d’admhaigh Demna: ‘Táim an-dian orm féin, ach ní fhéadfainn é a dhéanamh níos fearr ná mar atá déanta agam ag Balenciaga.’
Agus, leis sin, d’imigh Demna ón stáitse Párasach, agus fágann sé sinne go léir ag súil go fonnmhar lena chéad ghníomh eile i Milano.












• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.